Siorcóiniam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachSiorcóiniam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus púdar inlasta
Siorcóiniam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachZr
Uimhir adamhach40
Mais adamhach91.224
Cumraíocht leictreon[Kr] 4d² 5s²
Peiriad, Grúpapeiread 5
Dúil Ghrúpa 4
Airíonna fisiceacha
Dlús6.51 kg/m⁻³
Leáphointe3,375
Fiuchphointe6,471
Leictridhiúltacht1
Ga ianach0.59, 0.72, 0.84 agus 0.89
Stair
AimsitheoirMartin Heinrich Klaproth, Jöns Jakob Berzelius, Anton Eduard van Arkel agus Jan Hendrik de Boer
Fionnachtain1789
Eapainmsiorcón

Is é an siorcóiniam (Zr an tsiombail cheimiceach a sheasann dó) dúil uimhir a 40 i dTábla Peiriadach na nDúl. Miotal trasdultach é atá cosúil leis an tíotáiniam. Tá sé díonta go maith ar an gcreimeadh, agus mar sin, úsáidtear sna cóimhiotail é. Is é an siorcón (sileacáit an tsiorcóiniam) an fhoinse is mó siorcóiniam sa dúlra, agus is as an Astráil agus as an Afraic Theas a thagann an chuid is mó den tsiorcóiniam a bhaintear as an talamh. Ba é an ceimiceoir Sualannach Jöns Jacob Berzelius ba luaithe a bhain siorcóiniam as an siorcón, thiar sa bhliain 1824.

Níl ról ar bith ag an siorcóiniam i bhfeidhmeanna na colainne daonna. Tá nimhiúlacht áirithe ag baint leis. An duine a bhíonn ag análú isteach comhdhúile siorcóiniam, is féidir leis granalómaí a fháil ar an gcraiceann agus sna scamhóga. Is ar éigean is féidir a rá, áfach, go mbeadh an siorcóiniam iontach dainséarach - is fearr a rá gur cineál ballasta é nach bhfuil an t-orgánach ábalta leas ar bith a bhaint as.

Miotal liathbhán insínte é an siorcóiniam, agus cé go bhfuil sé imdhíonach go maith ar na haigéid agus ar na hocsaídeoirí, tá sé de chlaonadh i bpúdar siorcóiniam dul trí thine san aer. Tuaslagann an t-aigéad hidreaclórach agus an t-aigéad sulfarach é, go háirithe más féidir leo "cabhair" a fháil ón bhfluairín, ar ocsaídeoir láidir é.

Tá cúig iseatóp nádúrtha ag an siorcóiniam, mar atá, na hiseatóip chobhsaí 90Zr (51.45 % de shiorcóiniam an dúlra), 91Zr (11.22%), agus 92Zr (17.15%), chomh maith le dhá raidiseatóp fadsaolacha, mar atá, 94Zr (17.38%) agus 96Zr (2.8 %).

Úsáidtear an chuid is mó den tsiorcóiniam sna himoibreoirí adamhacha, sna slata siorcóiniam a íslítear nó a ardaítear taobh istigh den imoibreoir le moill a chur ar an imoibriúchán nó a mhalairt, nó is féidir leis an siorcóiniam na neodróin a stopadh agus an slabhra imoibriúcháin a bhriseadh. Cuirtear siorcóiniam leis na miotail eile le hiad a dhéanamh níos díonta ar an gcreimeadh.

Is í an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +4, cé go mbíonn uimhreacha is ísle ná í ag an siorcóiniam ina lán comhdhúl. Is í an dé-ocsaíd siorcóiniam, ZrO2, an chomhdhúil is tábhachtaí. Is féidir í a úsáid mar chosaint ar an tine agus ar an teas, in oighinn agus i dtinteoga, agus déantar seoda saorga, cineál "diamaint bhréige", as chomh maith - siorcóinia a thugtar ar an gcineál sin "diamant" freisin. "Seoid" siorcóiniam eile é an siorcón - ainm a thugtar ar shileacáití an tsiorcóin. Bíonn siorcón le fáil go coitianta, agus úsáidtear é le substaintí éagsúla a theimhniú (le hiad a dhéanamh teimhneach, nó neamh-thrédhearcach).

Is féidir leis an siorcóiniam dul i gcomhdhúile leis na halaiginí (an fluairín, an clóirín, an bróimín agus an t-iaidín) freisin, agus aithnítear an trí uimhir ocsaídiúcháin, idir +2, +3, agus +4, sna comhdhúile seo: an dé-chlóiríd siorcóiniam ZrCl2, an tríchlóiríd siorcóiniam ZrCl3, an teitreaclóiríd siorcóiniam ZrCl4, agus ar bhealach cosúil leis na clóirídí, an trí chineál bróimide: ZrBr2, ZrBr3, ZrBr4, agus araile. Is iad na teitreahalaiginídí - an teitreafluairíd ZrF4, an teitreaclóiríd ZrCl4, an teitreabróimíd ZrBr4 agus an teitriaidíd ZrI4 na halaiginídí is cobhsaí, ar ndóigh, ós é +4 an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí. Ní bhíonn halaiginídí an tsiorcóiniam úsáideach ag an duine, de ghnáth. Tá aon eisceacht amháin ann, mar atá, an teitreaclóiríd, ach níl ann féin ach cineál táirge idirmheánach a úsáidtear le comhdhúile níos tábhachtaí a tháirgeadh. Púdar bán í an teitreaclóiríd siorcóiniam nach seasann an t-uisce. Is féidir léi, fiú, imoibriú le huisce an aeir fhliuch, ionas go dtagann dé-ocsaíd siorcóiniam aisti.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]