Robert Fisk

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Robert Fisk
Robert Fisk, Christchurch, 2008.jpg
Saol
Eolas breithe Maidstone, Iúil 12, 1946
Náisiúntacht An Ríocht Aontaithe
Bás Baile Átha Cliath, Deireadh Fómhair 30, 2020
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (stróc)
Muintir
Céile/Céilí Nelofer Pazira
Lara Marlowe  (1994 -  2006)
Oideachas
Alma mater Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath céim dochtúireachta : eolaíocht pholaitiúil
Yardley Court (en) Aistrigh
Ollscoil Lancaster
Sutton Valence School (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm iriseoir, staraí, scríbhneoir agus comhfhreagraí cogaidh
Áit oibre Béiriút
Fostóirí Daily Express (en) Aistrigh
The Times
The Independent (en) Aistrigh
Duais
IMDb nm1745178
independent.co.uk…

Iriseoir ab ea Robert Fisk (a rugadh ar 12 Iúil 1946 i Maidstone, Kent - 30 Deireadh Fómhair 2020).[1] Bhí cáil ar Robert Fisk go hidirnáisiúnta mar iriseoir a chuir a bheatha i mbaol in áiteanna a raibh coimhlint ar siúl iontu ar mhaithe le léargas cruinn a thabhairt don domhan ar a bhfuil ag tarlú ansin.[2]

Robert Fisk ag Ollscoil Carleton, Ceanada i 2004

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Robert Fisk ar an saol i 1946 i Maidstone, Kent. Bhí an teaghlach go maith as – ba Chisteoir Buirge é an t-athair sa bhaile agus chaith sé an cineál óige a léifeá faoi i leabhair Bhéarla na haoise seo caite. Mar shampla, bhí dúil mhór aige i dtraenacha gaile, agus léadh sé Biggles agus Dan Dare.

Nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois, cuireadh chuig scoil chónaithe é.

Rinne Fisk céim amháin – an Léann Clasaiceach agus an Teangeolaíocht - in Ollscoil Lancaster.

Fisk in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh sé a thráchtas dochtúireachta ar neodracht na hÉireann le linn an Dara Cogadh Domhanda i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath

Scríobh Fisk leabhar dar teideal In Time of War: Ireland, Ulster and the Price of Neutrality, 1939-1945 fán Éigeandáil ó dheas le linn an dara Cogadh Domhanda. Mar sin, bhí seantaithí aige ar Éirinn ón seal sin sa choláiste agus, ar ndóigh, bhí sé ina thuairisceoir don Times sna Sé Chontae ó 1972-1975.

Fisk sa Mheán Oirthear[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Fisk ina chomhfhreagraí don Meán Oirthear don nuachtán The Independent i Londain. Rinne Fisk tuairisceoireacht ar an réabhlóid san Iaráin, an cogadh idir an Iaráin agus an Iaráic, agus an choimhlint san Ailgéir. D’fhan sé féin i mBéiriút le linn an chogaidh chathartha sa tír sin.

2010

Bhí an clú ar Fisk go gcuir sé tuairiscí níos fearr ar fáil mar go raibh sé féin i lár an aonaigh ag na láithreáin uafáis, i gcroílár na contúirte. Bhí Araibis ar a thoil aige agus mheas sé féin nach dtuigeann iriseoirí cad é mar a mhothaíonn gnáth-Arabaigh siocair nach mbíonn siad ag caint leo ar na sráideanna.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí cónaí air tráth i mBeirut, sa Liobáin agus i mBaile Átha Cliath níos déanaí.

Phós Fisk an t-iriseoir Lara Marlowe sa bhliain 1994 agus fuair siad colscaradh in 2006. Phós Fisk Nelofer Pazira níos déanaí.

Bhuail stróc é agus d'éag sé ar an 30 Deireadh Fómhair 2020 in ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Pity the Nation: Lebanon at War (3ú eagrán 2001). London: Oxford University Press; 727 leathanach. ISBN 0-19-280130-9
  • In Time of War: Ireland, Ulster and the Price of Neutrality, 1939-1945 (1996). Londain: Gill & Macmillan. ISBN 0-7171-2411-8
  • The Point of No Return: the strike which broke the British in Ulster (1975). Londain: Times Books/Deutsch. ISBN 0-233-96682-X
  • The Great War for Civilisation - The Conquest of the Middle East; (Deireadh Fómhair 2005) Londain. Fourth Estate, 1168 leathanach. ISBN 1-84115-007-X

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. RnaG. "ar an raidió". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-11-05.
  2. Robert McMillen (2017-10-24). "Beo! - Robert Fisk". web.archive.org. Dáta rochtana: 2020-11-05.