Robert Cecil, An Chéad Bhíocunta Cecil de Chelwood
Dlíodóir agus polaiteoir Sasanach ab ea Robert Cecil, An Chéad Bhíocunta Cecil de Chelwood (14 Meán Fómhair 1864 – 24 Samhain 1958).[1] Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1937,[2] mar aitheantas ar an obair a rinne sé chun Conradh na Náisiún a chur ar bun.[3]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Cecil staidéar ar an dlí in Ollscoil Oxford.[4] Glaodh chun Bharra Shasana agus na Breataine Bige air sa bhliain 1887 san Teampall Istigh.
Bhí sé ag abhcóideacht ó 1887 go 1906 (i réimsí na Seansaireachta agus an dlí pharlaiminteach den chuid is mó). Glaodh chun an Bharra Laistigh air sa bhliain 1899. Sa bhliain 1910 a rinne binseoir de chuid an Teampaill Laistigh agus ball de Chomhairle Ginearálta an Bharra de.
Bhí Cecil ina Fheisire de chuid na dTóraithe é, ó 1906 go 1910 agus ó 1911 go 1923. Ardaíodh chuig Teach na dTiarnaí é sa bhliain 1923 mar Chéad Bhíocunta Cecil de Chelwood. Bhí Cecil ina Fho-Rúnaí Stáit Gnóthaí Eachtracha, ó 1915 go 1919, ina Thiarna Séala Stáit, 1923 go 1924 agus ina Sheansailéir ar Dhiúcacht Lancaster, ó 1924 go 1927.
Conradh na Náisiún
[cuir in eagar | athraigh foinse]An méid a rinne Cecil chun Conradh na Náisiún a chruthú agus a chothú an rud ba thábhachtaí a cuireadh síos dó, ó thaobh a shaoil sa pholaitíocht de. Ní raibh sé ar aon fhocal uaireanta le Tóraithe eile mar gheall ar sin.
Chuir sé roinnt de na chéad tograí le chéile maidir lena leithéid d'eagraíocht, le linn an Chéad Chogadh Domhanda agus bhí páirt thábhachtach aige san idirbheartaíocht ina thaobh i gComhdháil Síochána Pháras. Bhí sé ina Uachtarán ar Aontas Chonradh na Náisiún ó 1923 go 1945.
Sa bhliain 1937 bronnadh Duais Nobel na Síochána air, mar aitheantas ar an obair a rinne sé chun an Conradh a chur ar bun agus choinneáil ar siúl. Fuair sé an Duais nuair a bhí cúrsaí ar fad ina phraiseach agus an cogadh timpeall an chúinne
Cháin sé polasaí géilleadh chun síthe (sa chaoi a ndearna Chamberlain é) agus Comhaontú München go háirithe. Mhair sé go bhfaca sé na Náisiúin Aontaithe ag teacht in ionad an Chonartha agus bhí sé ina Uachtarán saoil oinigh ar Chomhlachas na Náisiún Aontaithe sa Ríocht Aontaithe.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain Cecil aois mhór amach. D'éag 24 Samhain 1958 (in aois 94 dó).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Emory Christer (2015). "Robert Cecil". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "The Nobel Peace Prize 1937" (en-US). NobelPrize.org. Dáta rochtana: 2020-11-24.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "Lord Cecil" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-14.
- ↑ "Cecil of Chelwood, 1st Viscount, (Edgar Algernon Robert Cecil) (14 Sept. 1864–24 Nov. 1958)" (2007-12-01). Who Was Who. Oxford University Press.