Robert Cecil, An Chéad Bhíocunta Cecil de Chelwood

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Robert Cecil, An Chéad Bhíocunta Cecil de Chelwood
FileRobert Cecil, 1st Viscount Cecil of Chelwood looking left circa 1915.jpg
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe


Ball den 28ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Eanáir 12, 1906 - Eanáir 10, 1910
Dúiche: Marylebone East (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1906
Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Samhain 23, 1911 - Samhain 25, 1918
Dúiche: Hitchin (en) Aistrigh
Toghchán: fothoghchán Pharlaimint na Breataine
Fo-Rúnaí Stáit do Ghnóthaí Eachtracha

Bealtaine 30, 1915 - Eanáir 10, 1919
Neil Primrose - Cecil Harmsworth
Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 14, 1918 - Deireadh Fómhair 26, 1922
Dúiche: Hitchin (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1918
ball den 32ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Samhain 15, 1922 - Samhain 16, 1923
Dúiche: Hitchin (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1922
Tiarna shéala stáit

Bealtaine 25, 1923 - Eanáir 22, 1924
Austen Chamberlain (en) Aistrigh - John Robert Clynes (en) Aistrigh
Tiarna shéala stáit

Bealtaine 28, 1923 - Eanáir 22, 1924
Austen Chamberlain (en) Aistrigh - John Robert Clynes (en) Aistrigh
Ball de Theach na dTiarnaí

Nollaig 24, 1923 - Samhain 24, 1958
uachtarán

1924 - 1927
Robert Horne, 1st Viscount Horne of Slamannan (en) Aistrigh - F. E. Smith, 1st Earl of Birkenhead (en) Aistrigh
Seansailéir Dhiúcacht Lancaster

Samhain 10, 1924 - Deireadh Fómhair 19, 1927
Josiah Wedgwood - Ronald McNeill, 1st Baron Cushendun (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlánRobert Gascoyne Viscount Cecil
Eolas breitheCavendish Square (en) Aistrigh, 14 Meán Fómhair 1864
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
Teanga dhúchaisBéarla na Breataine
BásRoyal Tunbridge Wells, 24 Samhain 1958
Muintir
AthairRobert Gascoyne-Cecil
MáthairGeorgina Gascoyne-Cecil, Marchioness of Salisbury
Céile/CéilíLady Eleanor Lambton (en) Aistrigh  (Eanáir 22, 1889 -
Siblíní
Oideachas
Alma materColáiste na hOllscoile, Oxford
Coláiste Eton
TeangachaEsperanto
an Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir, Easparantóir, dlíodóir agus taidhleoir
Áit oibreLondain
FostóiríNáisiúin Aontaithe
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataArmy Reserve (en) Aistrigh
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach

Dlíodóir agus polaiteoir Sasanach ab ea Robert Cecil, An Chéad Bhíocunta Cecil de Chelwood (14 Meán Fómhair 186424 Samhain 1958).[1] Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1937,[2] mar aitheantas ar an obair a rinne sé chun Conradh na Náisiún a chur ar bun.[3]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

roimh 1922

Rinne Cecil staidéar ar an dlí in Ollscoil Áth na nDamh (áit a raibh sé ina bhall den Choláiste Ollscoile, Áth na nDamh).[4] Glaodh chun Bharra Shasana agus na Breataine Bige air sa bhliain 1887 sa Teampall Laistigh.

le Sir William Orpen, anois sa National Portrait Gallery,

Bhí sé ag abhcóideacht ó 1887 go 1906 (i réimsí na Seansaireachta agus an dlí pharlaiminteach den chuid is mó). Glaodh chun an Bharra Lasitigh air sa bhliain 1899. Sa bhliain 1910 a rinne binseoir de chuid an Teampaill Laistigh agus ball de Chomhairle Ginearálta an Bharra de.

Sgicphicitiúir, 1920; Robert Cecil. "I trust that after all we may secure at least your qualified support for our League of Nations?" U.S.A. President-elect: "Why, what's the matter with ours?"

Bhí Cecil ina Fheisire de chuid na dTóraithe é, ó 1906 go 1910 agus ó 1911 go 1923. Ardaíodh chuig Teach na dTiarnaí é sa bhliain 1923 mar Chéad Bhíocunta Cecil de Chelwood. Bhí Cecil ina Fho-Rúnaí Stáit Gnóthaí Eachtracha, ó 1915 go 1919, ina Thiarna Séala Stáit, 1923 go 1924 agus ina Sheansailéir ar Dhiúcacht Lancaster, ó 1924 go 1927.

Conradh na Náisiún[cuir in eagar | athraigh foinse]

An méid a rinne Cecil chun Conradh na Náisiún a chruthú agus a chothú an rud ba thábhachtaí a cuireadh síos dó, ó thaobh a shaoil sa pholaitíocht de. Ní raibh sé ar aon fhocal uaireanta le Tóraithe eile mar gheall ar sin.

Chuir sé roinnt de na chéad tograí le chéile maidir lena leithéid d'eagraíocht, le linn an Chéad Chogadh Domhanda agus bhí páirt thábhachtach aige san idirbheartaíocht ina thaobh i gComhdháil Síochána Pháras. Bhí sé ina Uachtarán ar Aontas Chonradh na Náisiún ó 1923 go 1945.

Sa bhliain 1937 bronnadh Duais Nobel na Síochána air, mar aitheantas ar an obair a rinne sé chun an Conradh a chur ar bun agus choinneáil ar siúl. Fuair sé an Duais nuair a bhí cúrsaí ar fad ina phraiseach agus an cogadh timpeall an chúinne

Cháin sé polasaí géilleadh chun síthe (sa chaoi a ndearna Chamberlain é) agus Comhaontú München go háirithe. Mhair sé go bhfaca sé na Náisiúin Aontaithe ag teacht in ionad an Chonartha agus bhí sé ina Uachtarán saoil oinigh ar Chomhlachas na Náisiún Aontaithe sa Ríocht Aontaithe.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Cecil aois mhór amach. D'éag 24 Samhain 1958 (in aois 94 dó).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Emory Christer (2015). "Robert Cecil". Dáta rochtana: 2020.
  2. "The Nobel Peace Prize 1937" (en-US). NobelPrize.org. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  3. Scoil Dlí, COBÁC. "Lord Cecil" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-14.
  4. "Cecil of Chelwood, 1st Viscount, (Edgar Algernon Robert Cecil) (14 Sept. 1864–24 Nov. 1958)" (2007-12-01). Who Was Who. Oxford University Press.