Robert Cecil, An Chéad Bhíocunta Cecil de Chelwood

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAn Ró-Onórach
Robert Cecil, An Chéad Bhíocunta Cecil de Chelwood

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Robert Cecil
Beathaisnéis
Breith(en) Robert Gascoyne Viscount Cecil
14 Meán Fómhair 1864
Cearnóg Cavendish, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Samhain 1958
94 bliana d'aois
Royal Tunbridge Wells, England Cuir in eagar ar Wikidata
Seansailéir Dhiúcacht Lancaster
10 Samhain 1924 – 19 Deireadh Fómhair 1927
← Josiah WedgwoodRonald McNeill, 1st Baron Cushendun (en) Aistrigh →
Uachtarán Oilthigh Obar Dheathain
1924 – 1927
← Robert Horne, 1st Viscount Horne of Slamannan (en) AistrighF. E. Smith, 1st Earl of Birkenhead (en) Aistrigh →
Ball de Theach na dTiarnaí
24 Nollaig 1923 – 24 Samhain 1958
Tiarna shéala stáit
28 Bealtaine 1923 – 22 Eanáir 1924
← Austen ChamberlainJohn Robert Clynes (en) Aistrigh →
Tiarna shéala stáit
25 Bealtaine 1923 – 22 Eanáir 1924
← Austen ChamberlainJohn Robert Clynes (en) Aistrigh →
Ball den 32ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
15 Samhain 1922 – 16 Samhain 1923 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Hitchin (en) Aistrigh

Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 26 Deireadh Fómhair 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Hitchin (en) Aistrigh

Fo-Rúnaí Stáit do Ghnóthaí Eachtracha
30 Bealtaine 1915 – 10 Eanáir 1919
← Neil PrimroseCecil Harmsworth →
Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
23 Samhain 1911 – 25 Samhain 1918 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Hitchin (en) Aistrigh

Ball den 28ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Eanáir 1906 – 10 Eanáir 1910 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Marylebone East (en) Aistrigh

Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile, Oxford
Coláiste Eton Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla na Breataine
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, dlíodóir, Easparantóir, taidhleoir Cuir in eagar ar Wikidata
Fostóirna Náisiúin Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaEsperanto agus Béarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArmy Reserve (en) Aistrigh
Eile
Teideal uasalBíocunta Cecil Chelwood (1923–1958)
Bíocunta Cuir in eagar ar Wikidata
CéileAn Bhantiarna Eleanor Lambton (1889–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRobert Gascoyne-Cecil  agus Georgina Gascoyne-Cecil, Banmharcas Salisbury
SiblínMaud Palmer, An Bhantiarna Gwendolen Gascoyne-Cecil, Hugh Cecil, 1ú Bharún Quickswood, Lord Edward Cecil, An Tiarna William Cecil, James Gascoyne-Cecil, 4ú Marcas Salisbury agus An Bhantiarna Fanny Cecil
Gradam a fuarthas

Dlíodóir agus polaiteoir Sasanach ab ea Robert Cecil, An Chéad Bhíocunta Cecil de Chelwood (14 Meán Fómhair 186424 Samhain 1958).[1] Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1937,[2] mar aitheantas ar an obair a rinne sé chun Conradh na Náisiún a chur ar bun.[3]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

roimh 1922

Rinne Cecil staidéar ar an dlí in Ollscoil Áth na nDamh (áit a raibh sé ina bhall den Choláiste Ollscoile, Áth na nDamh).[4] Glaodh chun Bharra Shasana agus na Breataine Bige air sa bhliain 1887 sa Teampall Laistigh.

le Sir William Orpen, anois sa National Portrait Gallery,

Bhí sé ag abhcóideacht ó 1887 go 1906 (i réimsí na Seansaireachta agus an dlí pharlaiminteach den chuid is mó). Glaodh chun an Bharra Lasitigh air sa bhliain 1899. Sa bhliain 1910 a rinne binseoir de chuid an Teampaill Laistigh agus ball de Chomhairle Ginearálta an Bharra de.

Sgicphicitiúir, 1920; Robert Cecil. "I trust that after all we may secure at least your qualified support for our League of Nations?" U.S.A. President-elect: "Why, what's the matter with ours?"

Bhí Cecil ina Fheisire de chuid na dTóraithe é, ó 1906 go 1910 agus ó 1911 go 1923. Ardaíodh chuig Teach na dTiarnaí é sa bhliain 1923 mar Chéad Bhíocunta Cecil de Chelwood. Bhí Cecil ina Fho-Rúnaí Stáit Gnóthaí Eachtracha, ó 1915 go 1919, ina Thiarna Séala Stáit, 1923 go 1924 agus ina Sheansailéir ar Dhiúcacht Lancaster, ó 1924 go 1927.

Conradh na Náisiún[cuir in eagar | athraigh foinse]

An méid a rinne Cecil chun Conradh na Náisiún a chruthú agus a chothú an rud ba thábhachtaí a cuireadh síos dó, ó thaobh a shaoil sa pholaitíocht de. Ní raibh sé ar aon fhocal uaireanta le Tóraithe eile mar gheall ar sin.

Chuir sé roinnt de na chéad tograí le chéile maidir lena leithéid d'eagraíocht, le linn an Chéad Chogadh Domhanda agus bhí páirt thábhachtach aige san idirbheartaíocht ina thaobh i gComhdháil Síochána Pháras. Bhí sé ina Uachtarán ar Aontas Chonradh na Náisiún ó 1923 go 1945.

Sa bhliain 1937 bronnadh Duais Nobel na Síochána air, mar aitheantas ar an obair a rinne sé chun an Conradh a chur ar bun agus choinneáil ar siúl. Fuair sé an Duais nuair a bhí cúrsaí ar fad ina phraiseach agus an cogadh timpeall an chúinne

Cháin sé polasaí géilleadh chun síthe (sa chaoi a ndearna Chamberlain é) agus Comhaontú München go háirithe. Mhair sé go bhfaca sé na Náisiúin Aontaithe ag teacht in ionad an Chonartha agus bhí sé ina Uachtarán saoil oinigh ar Chomhlachas na Náisiún Aontaithe sa Ríocht Aontaithe.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Cecil aois mhór amach. D'éag 24 Samhain 1958 (in aois 94 dó).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Emory Christer (2015). "Robert Cecil". Dáta rochtana: 2020.
  2. "The Nobel Peace Prize 1937" (en-US). NobelPrize.org. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  3. Scoil Dlí, COBÁC. "Lord Cecil" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-14.
  4. "Cecil of Chelwood, 1st Viscount, (Edgar Algernon Robert Cecil) (14 Sept. 1864–24 Nov. 1958)" (2007-12-01). Who Was Who. Oxford University Press.