Risteard Ó Foghludha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Risteard Ó Foghludha
[[Íomhá:|220px]]
Dáta breithe 5ú Márta, 1871
  Cnoc Chonaill Aodha, Contae Chorcaí
Dáta báis 20 Lúnasa. 1957
  Baile Átha Cliath
Ainm cleite Fiachra Éilgeach
Gairm Múinteoir, iriseoir agus eagarthóir
Seánra iriseoir agus eagarthóir
Céile Eily Barnes

Múinteoir, iriseoir agus eagarthóir ba ea Risteard Ó Foghludha a rugadh, i gCnoc Chonaill Aodha, idir Eochaill agus Cill Ia, Contae Chorcaí. Feirmeoir a athair Risteard (1830–1910). Peg Long ab ainm dá mháthair. Ba é an duine is sine de sheachtar cailíní agus cúigear buachaillí agus d'fhreastail sé ar Scoil na mBráithre Críostaí, Eochaill.

Feirmeoir ba é a athair Risteard (1830–1910) agus Peg Long ab ainm dá mháthair. Cainteoirí dúchais Gaeilge an bheirt acu agus creidtear gur chainteoir dúchais Risteard freisin. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí in Eochaill agus bhuaigh sé duais sa Ghaeilge ann. Thoirbhir sé a leabhar Carn Tighearnaigh (1938) do Mháirtín Ó Buadhacháin in Eochaill, don té do chéad-thug teagasc dam i léigheamh agus i scríobhadh ár dteangadh dúthchais.

Níos déanaí ar aghaidh, d’aistrigh sé go dtí Baile Átha Cliath, timpeall na bliana 1888. Is dócha, gur chaith sé an dá bhliain úd ag obair i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, i dTeach Laighean ag an am seo agus go raibh sé ag foghlaim na luathscríbhneoireachta. Bhí post tuairisceora aige san Freeman’s Journal, i dtús na 1890idí. Mhaíodh sé gur air a thit sé óráid dheireanach úd Pharnell sna Creaga, Co.na Gaillimhe, ar 27 Meán Fómhair 1891 a thuairisciú. Chaith sé ocht mbliana i Sasana ag reic meaisíní clóscríbhneoireachta agus d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath ag tosach an 20ú céad. Thall a thosaigh sé ag díol clóscríobhán do mhuintir Underwood. An comhlacht sin a sheol ar ais go hÉirinn é i bhfíorthosach an chéid. Go dtí tuairim 1905 ní raibh oifig acu i mBaile Átha Cliath agus chaitheadh Risteard tréimhsí fada i mBéal Feirste. Ach d’fhilleadh sé ar Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine. Bhí sé ag múineadh i gColáiste na Carraige Duibhe idir na blianta 1905-07.

Bhunaigh sé Craobh an Chéitinnigh i 1901, in éineacht le Seosamh Ó Tórna (Tórna), Seán Ó Cuív agus Seán Ó Ceallaigh Ba é a roghnaigh mana don Chraobh: ‘Múscail do mhisneach, a Bhanba’. Go ceann naoi mbliana bhí sé ina rúnaí acu.

Phós Risteard Eily Barnes (rugadh i Raghnallach in 1884) Meitheamh 1910. Rugadh mac amháin dóibh, Gearóid.

Foilsíodh a chéad saothar próis in An Claidheamh Soluis 17 Lúnasa 1901, faoin ainm cleite ‘An Corcaigheach Macánta’. I Loch Léin, Samhain 1903, a bhain sé feidhm as ‘Fiachra Éilgeach’ a chéaduair.

Ag cur eagair ar fhilí na Mumhan an gnó is mó ar chaith sé a shaol leis: Piaras Mac Gearailt (1905), Donncha Rua Mac Conmara (1908, 1933), Brian Merriman (1912, 1949), Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin (1929), Pádraig Phiarais Cúndún (1932), Seán Clárach Mac Domhnaill (1932), Liam Dall Ó hIfearnáin (1939), Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1937), Liam Inglis (1937), Pádraig Denn (1942), Liam Rua Mac Coitir (1937), Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh (1938), An tAthair Conchubhar Ó Briain (1938), Éamonn de bhFál (1946), Filí na Máighe (1952).

Sa bhliain 1935, d’fhoilsigh Brún agus Ó Nualláin a Logainmneacha, sé sin an 'Dictionary of Irish Place-names'. Is í an abairt dheireanach aige sa réamhrá: ‘In aon chúig bliana amháin do gheofaí teacht ar Ghael-ainmneacha fhurmhór ár mbailte fearainn agus ár bparóistí ach cur chuige i gceart. Ba chóir don stát tabhairt faoin ngnó gan mhoill’. Deirtear go raibh 40,000 ainm bailithe aige féin. Teideal eile leis is ea: Saol-ré Sheathrúin Céitinn, 1908; Imeachtaí an Oireachtais, Sgéalta triúir, 1919; Scoth-duanta, 1933; Duanarán ré 1600-1700, 1935; Mil na hÉigse, 1945; an seach-chló Cath Chnoic na nOs, [gan dáta]. Ba é a chuir eagar ar Seod-aistí as Conamara, 1943 le Peadar Neilí Ó Domhnaill. Aistriúcháin leis is ea: Fíoraon le fiarán,(Tolstoy); An Béar, 1923 (Chekhov); Ag Suirghe leis an mBaintreach, 1927 (The Courting of the Widow Malone le Constance P. Anderson); Fiche gearrscéal ar na thionntódh as an bhFraingcis, 1930; Naoi ngearra-chluichí ar n-a thionntódh ag Fiachra Éilgeach, 1930; Maria Chapdelaine, 1933 (Louis Hemon); Cnósach gearr-scéal. Ar n-a dtionntódh ón bhFraingcis, 1934; An Phíb fé sna bántaibh, 1933 (The Pipe in the fields le T.C. Murray); Oilibhéar Dubh, 1935 (an dráma Black Oliver le John Guinan); An Bheidhlín Buadha, 1935 (François Coppée); An Sárúchán, 1935 (The Lifting le John Brandane); Eoinín Bocht, 1942 (El Pobrecito Juan le Gregorio Martinez Sierra). Tiarnaí deireanacha Urmhún (1956), aistriúchán ar The Last Lords of Ormond le Dermot F. Gleason a shaothar deiridh. Bhí post bainisteora ag Risteard sa chomhlacht 'Underwood Typewriter Co.', ag 5 Sráid Laighean, anuas go dtí Aibreán 1936 nuair a thosaigh sé ag obair don Ghúm. Bhí sé ina eagarthóir tamall ag Brún agus Ó Nualláin. gur éirigh idir é agus an bhainistíocht. Ní bheadh cúrsaí go rómhaith aige murach gur fhéach Éamon de Valera chuige gur ceapadh é ar fhoireann Choimisiún na Logainmneacha sa bhlian 1946. Ceapadh é mar eagarthóir ar an aistriúchán den Bhunreacht, a bhí a dhéanamh ag Mícheál Ó Gríobhtha, ar 11 Samhain 1936. Deir Breandán Mac Giolla Coille in Feasta, Deireadh Fómhair 1988: Bhi lámh an-trom ag Risteard mar eagarthóir agus ní foláir nó bhí foighne an naoimh ag Mícheál. An eagarthóireacht go léir is mó a thabhaigh clú dó. Ach ní i gcónaí a bhítí sásta leis an gcaoi a ndéanadh sé í. Dúirt Breandán Ó Buachalla faoi litreacha Phádraig Phiarais Cúndún: Ní fios cá bhfuil an lámhscríbhinn a bhfuair Fiachra Éilgeach bunchóip na litreacha anois (Go Meiriceá siar, 1979).

B’é Risteard an cara ba mhó dá raibh ag Tórna, agus bhí seisean pósta ar a dheirfiúr Nóra. Bhí sé mór leis an Duinníneach freisin, ach níor mhair an cairdeas. Thugadh an sagart cuairt go minic ar Gothic Lodge, 42 Bóthar na Cabraí, mar a raibh cónaí ar Risteard in aontíos lena dheartháir Micheál agus a bheirt deirfiúracha. Níor bheag a d’fhoghlaim sé ó Risteard agus ghabh sé buíochas leis i bhfoclóir 1904. Ach níor luaigh sé a ainm in aon chor i bhfoclóir 1927. B’fhéidir go bhfacthas dó go raibh Risteard ag cúngú ar a chearta leis an eagarthóireacht go léir ar fhilí na Mumhan.

D’éag Risteard Ó Foghludha ar 20 Lúnasa 1957. Ar 25 Lúnasa 1974, nocht Tomás Ó Domhnaill, Aire na Gaeltachta, plaic ar an teach inar rugadh é agus ina bhfuil a lucht gaoil ina gcónaí go fóill. Scoil Fhiachra Éilgeach atá ar an scoil áitiúil. Bhronn Ollscoil na hÉireann D.Litt.Celt. air sa bhliain 1939. Gheofar cuntas mion ar a ndearna sé d’obair ar an mBunreacht in Bunreacht na hÉireann: a study of the Irish text, 1999 le Mícheál Ó Cearúil.


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]