An Coimisiún Logainmneacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Coimisiún Logainmneacha
Sonraí
Cineálgníomhaireacht rialtais Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1946

Suíomh gréasáinchg.gov.ie… Cuir in eagar ar Wikidata

Is é an Coimisiún Logainmneacha (Béarla: Placenames Commission) an foras stáit a bhfuil cúram taighde agus staidéir logainmneacha na hÉireann air a bunaíodh i 1946.[1]

Sa bhliain 2003 chuir an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, bonn úr faoin gCoimisiún trí théarmaí tagartha nua a thabhairt dó agus ballraíocht úr a cheapadh.

Staidéar na Logainmneacha sa 19ú agus sa 20ú hAois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tosaíodh ar obair acadúil d’ardchaighdeán ar logainmneacha na hÉireann nuair a d’fhostaigh an tSuirbhéireacht Ordanáis an sárscoláire Seán Ó Donnabháin sa bhliain 1830. Mar bhaill de Rannóg Topagrafaíochta na Suirbhéireachta (a scoireadh sa bhliain 1842), rinne an Donnabhánach agus a chomhghleacaithe – Petrie, Ó Comhraí, Ó Conchúir, Ó Caoimh agus eile – obair fhíorthábhachtach ar líon ollmhór ainmneacha (breis is seasca míle bailte fearainn, beagnach dhá mhíle go leith paróistí agus a lán lán mionainmneacha). Ag deireadh an 19ú haois agus ag tús na haoise dár gcionn ba é Patrick Weston Joyce (1829-1914) an príomhúdar ar logainmneacha na hÉireann; ba é a scríobh an t-ollsaothar úd Irish Names of Places, I-III (1869-1913).

Ar na scoláirí a rinne saothar fiúntach ar ghnéithe éagsúla dár gcuid logainmneacha sa chéad leath den 20ú haois bhí Seosamh Laoide, Pádraig de Paor, Éamonn Ó hÓgáin, CÍ, Pól Breathnach, Risteard Ó Foghludha, Pádraig Ó Siochfhradha (‘An Seabhac’) agus Liam Price.

Bunú an Choimisiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis bhunú Shaorstát Éireann sa bhliain 1922 agus é de pholasaí ag an rialtas dúchais an Ghaeilge a chur chun cinn i réimsí éagsúla den saol poiblí, bhí práinn bhreise le hobair údarásach ar na logainmneacha, tharla go mbeadh foirmeacha Gaeilge na n-ainmneacha sin ag teastáil ó ranna rialtais agus ón bpobal araon le húsáid ar bhonn rialta. Méadaíodh ar an bpráinn le teacht i bhfeidhm Bhunreacht na hÉireann i mí na Nollag 1937 agus stádas ar leith ag an nGaeilge ann de réir Alt 8.1: ‘Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.’ Is ar an ábhar seo a bunaíodh An Coimisiún Logainmneacha ar bharántas ón Aire Airgeadais, Proinsias Mac Aogáin, ar 24 Deireadh Fómhair 1946. Ceapadh An Seanadóir Pádraig Ó Siochfhradha ina chathaoirleach agus choinnigh sé an gradam sin go dtína bhás ag deireadh na bliana 1964.

Is iad seo a leanas na téarmaí tagartha a tugadh don Choimisiún bunaidh lena bharántas ceapacháin:

  • 1 Scrúdú a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann, mar atá
  • (a) ar ainmneacha bailte fearainn, paróistí, barúntachtaí, dúichí agus limistéir eile tíre,
  • (b) ar ainmneacha postbhailte, sráidbhailte, mórbhailte agus cathrach,
  • (c) ar ainmneacha príomhbhall eile nach n­-áirítear faoi (a) agus (b) thuas,

agus cuardach a dhéanamh do cheartfhoirmeacha bunaidh Gaeilge na logainmneacha sin sa mhéid go raibh ainmneacha sa Ghaeilge orthu agus gur féidir iad sin a dheimhniú..

  • 2. Liostaí de na hainmneacha sin, ina bhfoirmeacha Gaeilge, a ullmhú chun a bhfoilsithe agus chun a n-úsáidte go hoifigiúil.
Ballraíocht

Seisear déag a ceapadh ar an gCoimisiún ag an am sin:

  • An tAthair Tomás de Bháll, SP, Canónach,
  • An tAthair Eric Mac Fhinn,
  • An tAthair Pádraig Mac Giolla Cheara, DD, SP, Canónach,
  • An Cornal Niall Mac Néill,
  • An Dr Séamus Ó Ceallaigh,
  • An tAthair Mícheál Ó Conalláin, SP,
  • Séamus Ó Dubhghaill,
  • Mícheál Ó Duígeannáin,
  • Séamus Ó Duilearga,
  • An tAthair Pádraig Ó Fearghail,
  • An tAthair Donnchadh Ó Floinn,
  • Risteard Ó Foghludha,
  • An tAthair Eoin Ó Riain, CÍ,
  • An Seanadóir Pádraig Ó Siochfhradha,
  • Seán Ó Súilleabháin.


Ainmníodh Risteard Ó Foghludha (‘Fiachra Éilgeach’) ina Stiúrthóir ar an bhfoireann bheag taighde a bhí le bheith ag an gCoimisiún. Ní raibh ach beirt eile ar an bhfoireann: Micheál Ó Murchú mar chúntóir agus Máire Nic an Ríogh mar chlóscríobhaí.

Chuir an Rialtas an Coimisiún ar fionraí ar 3 Meitheamh na bliana 1948. Cuireadh i mbun oibre arís é ag deireadh na bliana 1951. Ceapadh Risteard Ó Foghludha ina Chomhairleoir don Choimisiún agus lean sé ar aghaidh sa phost sin go dtína bhás i mí Lúnasa 1957. Tógadh Pádraig Ó Niatháin ar iasacht ó Ard-Mhúsaem na hÉireann mar Stiúrthóir-Rúnaí i mí Eanáir 1952 agus Micheál Ó Murchú mar chúntóir aige. Ceapadh triúr Cúntóirí Sealadacha – Meadhbh Ní Conmhidhe, Conchubhar Ó Cuileanáin agus Ciarán Mac Mathúna – i samhradh na bliana céanna.

Tús na hOibre[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mblianta tosaigh an Choimisiúin cuireadh tús leis an obair thaighde ar ar bunaíodh an liosta foirmeacha Gaeilge a foilsíodh níos déanaí sa leabhar Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist (1969). Thug an Stiúrthóir-Rúnaí cuairt sa bhliain 1952 ar Uppsala na Sualainne le heolas a chur ar mhodhanna oibre na hinstitiúide a bhí i mbun taighde ar logainmneacha na tíre sin – an Ortnamnsarkivet a thugtar uirthi anois – ach dhá bhliain ina dhiaidh sin d’fhág beirt den fhoireann taighde, Meadhbh Ní Conmhidhe agus Ciarán Mac Mathúna, an Coimisiún le dul ag obair i Raidió Éireann.

I samhradh na bliana 1955 chinn an Rialtas go gcuirfí cúram na hoibre taighde ar rannóg speisialta, An Brainse Logainmneacha, a bhí le bunú sa tSuirbhéireacht Ordanáis. Athraíodh téarmaí tagartha an Choimisiúin i dtreo is gur coimisiún comhairleach seachas coimisiún feidhmitheach a bheadh ann feasta agus ainmníodh Ceann an Bhrainse Logainmneacha ina Rúnaí aige. Aistríodh foireann taighde an Choimisiúin, agus torthaí a gcuid oibre, go dtí an Brainse Logainmneacha sa tSuirbhéireacht Ordanáis i mí Iúil 1956, agus cuireadh Ruaidhrí de Valera i gceannas ar an rannóg mar Oifigeach Sinsearach Logainmneacha agus Seandálaíochta. Tháinig Éamonn de hÓir i gcomharbacht air ag tús na bliana 1958.

Lean an Coimisiún ar aghaidh ar feadh breis is daichead bliain ina dhiaidh sin ag breithniú obair thaighde Bhrainse Logainmneacha na Suirbhéireachta Ordanáis agus ag cur comhairle ar an rialtas faoi chúrsaí logainmneacha.

Tograí ar na Bacáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Fiontar (DCU) agus An Brainse Logainmneacha (An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) ag cruthú bunachair sonraí de logainmneacha na hÉireann ar shuíomh an Choimisiúin.

Beidh timpeall 100,000 logainm atá deimhnithe ag an mBrainse ar fáil ann agus iad inchuardaithe faoi na leaganacha Gaeilge agus Béarla. Tá an réiteach teicniúil bunaithe ar an múnla a chruthaigh Fiontar don suíomh Focal.ie (Téarma.ie anois). Beidh an bunachar uile ar fáil saor in aisce don phobal, agus na gnéithe breise seo a leanas i gceist:

  • 1. Córas chun tiontú comhuaineach Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge a dhéanamh ar liostaí logainmneacha
  • 2. Fuaim le logainmneacha áirithe
  • 3. Nótaí eolais ar chúlra logainmneacha áirithe

Tá leagan píolótach ar fáil ó 31 Márta 2008. Mairfidh an tionscadal ó 1 Aibreán 2007 go dtí 31 Nollaig 2008.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Logainm.ie - An Coimisiún Logainmneacha". Logainm.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-12-17. Dáta rochtana: 2012-11-09.