Pierre Teilhard de Chardin
Fealsamh idéalaíoch Francach agus sagart Caitliceach Íosánach ab ea Pierre Teilhard de Chardin (1 Bealtaine 1881 - 10 Aibreán 1955) a fuair oiliúint mar phailé-ointeolaí agus mar gheolaí agus a ghlac páirt i bhfionnachtain an Duine Phéicing. Cheap sé an smaoineamh ríthábhachtach maidir leis an Pointe Óimige (Fraincis: Le point Oméga) , sé sin, an t-uasleibhéal castachta agus comhfhiosachta a chreid sé go raibh na cruinne ag éabhlóidiú, agus d’fhorbair sé coincheap Vladimir Vernadsky maidir le nóaisféar. Bhí tionchar as cuimse ag smaointe Teilhard ar ghluaiseacht na hAoise Nua.
Tá cuntas simplí ar a shaol agus mar a d'fhobair sé a chuid smaointe, maille le sleachta gearra astu sa leabhar The Man and his Theories le Paul Grenet (1961).
Ar feadh a shaoil, níor aontaigh údarais áirithe na hEaglaise lena thuairimí creidimh agus bhí cosc ar a bhfoilsiú lena bheo, murab ionann agus a scríbhinní eolaíochta.
Rinne sé staidéir ar éabhlóid na cruinne, agus eabhlóid an duine go háirithe, agus d'fhobair sé teoiric mhisteach ó thaobh forbairt éabhlóideach an duine agus an chríoch spioradálta a bhíonn á mhealladh. Bhí ráchairt ar a chuid leabhar nuair a scaoileadh iad don phobal sna blianta 1950achaí agus 1960achaí. Scríobh Risteárd Ó Glaisne leabhar faoi Teilhard de Chardin i gcuibhrinn Éireannach.
Luann Máirtín Ó Cadhain é in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Déanann Máirtín tagairt do léirmheastóir a chuaigh san amhantar i dtaobh a spreag Máirtín chun gearrscéal aisteach áirithe mar gheall ar chapaill a scríobh. Bhréagnaigh Máirtín tuairim an léirmeastóra anaithnide seo agus dúirt gur faoi bhua Teilhard a scríobhadh é. Sraith Eile ar Lár ainm an ghearrscéil.