Peirsidí
Peirsidí | |
---|---|
Cineál | dreigechith |
Dáta fionnachtana | 36 "RCh"[1] |
Eapainm | Peirséas |
Réad tuismitheora | 109P/Swift-Tuttle |
Réaltbhuíon | Peirséas |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Diallas (δ) | 58° 0′ 0″[2] |
Cuid de | 109P/Swift-Tuttle |
Mórchith dreigí is ea na Peirsidí, taispeántas iontach de réaltaí reatha (dreigí) a bhíonn le feiceáil sa spéir ar feadh seachtaine nó mar sin thart ar 12 Lúnasa gach bliain, an lá a thrasnaíonn an Domhan fithis na ndreigeoideach sin.
Feictear suas le 70 dreige in aghaidh na huaire. Bíonn an dealramh orthu go radaíonn siad amach as an réaltbhuíon Peirséas, agus ainmnítear iad as seo.
Le fírinne, níl ann ach go mbíonn siad sa treo céanna uainn le Peirséas, gan aon bhaint acu leis.
Baineann an cith seo le cóiméad Swift-Tuttle a fionnadh i 1862 is a tháinig an treo seo arís i 1992, agus is é atá sa chith smionagar clochach is gaineamhach in eireaball an chóiméid, atá ag taisteal i bhfithis an chóiméid.
Dreige ar mhéid gráinne gainimh a dhóitear go hiomlán ard san atmaisféar a bhíonn i réalta reatha amháin.[3]
Féach Freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ URL tagartha: https://books.google.com/books?id=2FNfjWKBZx8C&pg=PA275. ISBN-13: 978-0-521-89935-2.
- ↑ “Patrick Moore's Data Book of Astronomy.”. Cambridge University Press.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Peirsidí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 513.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann leis astaróideach é an t-alt seo Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |