Outlander

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióOutlander
Séanrafantasy television series (en) Aistrigh, dráma teilifíse agus sraith theilifíse bunaithe ar úrscéal
Suíomh scéalaíochtaAlbain agus Bostún
Socrú ceamarasocrú aoncheamara
CruthaitheoirRonald D. Moore
CumadóirBear McCreary
Aisteoirí
Caitriona Balfe
Sam Heughan
Tobias Menzies
Gary Lewis (en) Aistrigh
Graham McTavish (en) Aistrigh
Lotte Verbeek
Bill Paterson
Stephen Walters
Grant O'Rourke
Laura Donnelly
Dominique Pinon
Stanley Weber
Richard Rankin (en) Aistrigh
Sophie Skelton
Nell Hudson
Clive Russell (en) Aistrigh
Frances de la Tour
David Berry
John Bell
Albie Marber (en) Aistrigh
Simon Callow
Douglas Henshall
Steven Cree (en) Aistrigh
Andrew Gower
Rosie Day
César Domboy
Lauren Lyle
Richard Dillane
Ed Speleers
Maria Doyle Kennedy
Colin McFarlane
Natalie Neaton
Tantoo Cardinal
Billy Boyd
Carmen Moore
Tom Jackson
Sera-Lys McArthur
Chris Larkin
Ned Dennehy
Mark Lewis Jones
Glen Gould (en) Aistrigh
Simon R. Baker
James Fleet (en) Aistrigh
Tracey Wilkinson
Annette Badland
Aislín McGuckin
Jim Sweeney
Claire Sermonne
Marc Duret
Lionel Lingelser
Scott Kyle
Julian Wadham (en) Aistrigh
Gerard Horan
Wil Johnson
James Allenby-Kirk (en) Aistrigh
Mark Hadfield
Alison Pargeter
Tim Downie
Grant Stott (en) Aistrigh
Leon Herbert
Kyle Rees
Hugh Ross
Michael Xavier
Gary Lamont
Jack Tarlton
Tom Brittney
Robert Cavanah
Melanie Gray (en) Aistrigh
Prentis Hancock (en) Aistrigh
Tim McInnerny
John Sessions
David McKay
Bryan Larkin
Diana Gabaldon
Valerie Edmond
Tam Dean Burn
John Heffernan
Andrew Whipp (en) Aistrigh
Matthew Steer (en) Aistrigh
Alan McHugh (en) Aistrigh
Lochlann Ó Mearáin
Mark McDonnell (en) Aistrigh
Johnny Austin (en) Aistrigh
Mark Prendergast (en) Aistrigh
Francis Magee
Richard Cant
Frazer Hines (en) Aistrigh
Brian McCardie
Ian Hanmore
Margaux Chatelier
Gaia Weiss
Howard Corlett (en) Aistrigh
Scarlett Mack
Maureen Beattie
Brendan Patricks
Charles Jamieson
Simon Hoare (en) Aistrigh
Colin Stinton
Kimberley Nixon
Geoffrey McGivern
Rufus Wright (en) Aistrigh
Ryan Fletcher
Martin Delaney
Martin Docherty-Hughes
Murray McArthur
Hannah James
Tanya Reynolds
Rupert Vansittart
Beth Goddard
Cyrielle Debreuil
Paul Brightwell
Keira Lucchesi (en) Aistrigh
Kirsty Strain
Ian Reddington
Nigel Betts
Karl Otto Thaning
James Barriscale (en) Aistrigh
Craig McGinlay
Lee Boardman
Simona Brown
Crystle Lightning (en) Aistrigh
Urs Rechn (en) Aistrigh
Stuart McQuarrie
Albert Welling
Alec Newman
Simon Harrison (en) Aistrigh
Elizabeth Appleby (en) Aistrigh
Mark Cox
James Doherty
Christopher Fairbank
James Gaddas
Christopher Bowen
Miles Richardson
Matthew Cottle
Lorraine McIntosh
Richard Gadd (en) Aistrigh
Alexander Vlahos (en) Aistrigh
Dyfan Dwyfor
David Gant
Barbara Patrick
Cuideachta léiriúcháinSony Pictures Television
TírStáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ríocht Aontaithe
BunteangaBéarla, Gaeilge na hAlban agus an Fhraincis
Bealach teilifíseStarz (en) Aistrigh
Fad na n-eipeasóidí64 min
An chéad eipeasóid9 Lúnasa 2014
Líon séasúr7
Líon eipeasóidí83
Liosta eipeasóidílist of Outlander episodes (en) Aistrigh
Gradaim
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúilstarz.com… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt3006802 Filmaffinity: 150299 Allocine: 11266 Rottentomatoes: tv/outlander Metacritic: tv/outlander-2014 TV.com: shows/outlander
Facebook: OutlanderTVSeries.starz Twitter: Outlander_Starz Instagram: outlander_starz Cuir in eagar ar Wikidata

Is sraith teilifíse í Outlander a thosaigh i 2014. Tá sí bunaithe ar na leabhair a scríobh Diana Gabaldon. Ní fada i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, téann an lánúin phósta Claire agus Frank Randall ar saoire in Inbhear Nis in Albain. Agus í amuigh ag siúl, tagann Claire ar na clocha ag Craigh na Dun (Gaeilge na hAlban: Creag an Dùin).

Sam Heughan

Tarlaíonn éispéireas osnádúrtha di agus leaindeálann sí san áit céanna i 1745 - amthaisteal atá i gceist. Buaileann Claire le Jamie Fraser, le Clann Choinnich (MacKenzie) agus le rógaire de chuid arm Shasana darb ainm Jonathan “Black Jack” Randall. Ag an am sin, tá gluaiseacht an tSeacaibíteachais ag bailiú nirt. Tá an tsraith seo bunaithe ar eachtraí na gcarachtar sa tréimhse roimh Chath Chùil Lodair (16 Aibreán 1746) agus an t-am díreach ina dhiaidh sin.

Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Séasúr 1[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1946, tá Claire agus Frank Randall ar saoire in Albain. Bhí siad scartha le linn bhlianta an chogaidh. Bhí Claire ina banaltra agus throid Frank ar son arm na Breataine. Ag Creag an Dùin (díreach taobh amuigh d’Inbhear Nis), téann Claire ar ais sna blianta tríd na clocha draíochta go dtí an bhliain 1745. Tá mearbhall iomlán ar Claire agus ní nach ionadh nach dtuigeann sí cad é atá i gceist ar dtús. Ag an am sin, tá Albain i mbun gluaiseachta na Seacaibíteach. Bhí sí i gcoimhlint le drochdhuine ó Arm Shasana darb ainm Jonathan “Black Jack” Randall. Tá gaol i bhfad ag Randall le Frank (fear céile Claire i 1946). Éalaíonn Claire agus buaileann sí le Clann Choinnich. Tugtar go caisleán Mhic Choinnich í agus is gairid go bhfuil sí ag baint úsáide as a scileanna banaltrachta. Ansin, castar Jamie Fraser uirthi, fear óg atá ag obair sa chaisleán, agus cuidíonn sé léi cúpla uair. Tá Clann Choinnich in amhras faoi Claire agus síleann siad gur spiaire í. Coinníonn siad í sa chaisleán, mar bhanaltra, agus cuireann seo bac ar Claire ag filleadh tríd na clocha go dtí a ham féin. Bhí uirthi Jamie a phósadh chun a bheith slán ó Randall ach sula i bhfad is cosúil go bhfuil sise agus Jamie ag titim i ngrá. Go grámhar, tugann Jamie an leasainm Sasanach ar Claire. Ar ndóigh, tá a fhios ag Claire go dteipfidh ar na Seacaibítigh agus baineann sí triail as rabhadh a thabhairt do Jamie. Gabhtar Jamie agus déanann Randall céasadh air sula ndéanann Claire agus Clann Choinnich tarrtháil air. Ag deireadh na sraithe, téann Claire agus Jamie chun na Fraince chun iarraidh a dhéanamh sléacht na Seacaibíteach a sheachaint.

Sam Heughan, Caitriona Balfe agus Diana Gabaldonː Outlander Premiere in NY

Séasúr 2[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa dara séasúr, tá Jamie agus Claire i bPáras. Faoin am seo, tá a fhios ag Jamie gurb as an todhchaí í Claire agus tuigeann sé an sléacht ag Chùil Lodair a bheith i ndán do na Seacaibítigh. Buaileann siad leis an Phrionsa Séarlas Éadbhard Stiúbhairt, an té atá i mbun na Seacaibíteach. Déanann siad iarracht cosc a chur ar an airgead a dtabharfaidh an Rí Louis XV do chúis na Seacaibítigh ach ag an am céanna fanann siad cairdiúil leis an phrionsa. Filleann siad go hAlbain agus ar dtús, éiríonn leis na Seacabitigh. Baineann siad Blàr Shliabh a’ Chlamhain agus déanann siad ionrach ar cuid de Shasana, ach tá na saighdiúirí Albanacha rófhada ó bhaile agus tá orthu tarraing siar. Dála leis an fíor stair, baineann siad Cùil Lodair amach, réidh leis an chogadh deireanach den fheachtas. Roimh an chogadh, áitíonn Jamie ar Claire filleadh go dtí an fichiú aois, mar tá sise ag iompar clainne agus tá seisean cinnte go bhfaighfidh sé bás ar pháirc an chatha. Tá an chuid eile den séasúr bunaithe san fhichiú haois, fiche bliain i ndiaidh filleadh Claire, sa 1960ú. Is máinlia í anois agus tá Frank marbh le tamall beag anuas. Is bean óg í iníon Claire anois agus Brianna an t-ainm atá uirthi. Tugann siad cuairt ar Albain agus tagann na cuimhní ar ais ina sruth. Déanann Claire obair in éineacht le staraí áitiúil agus tagann sí ar sheancháipéis a thaispeánann nach bhfuair Jamie bás ar pháirc an air. Geallann Claire go bhfillfidh sí ar ais go Jamie.

Caitriona Balfe

Séasúr 3[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag tús shéasúr 3, faighimid seans cad é go díreach a tharla ag Cath Chùil Lodair a fheiceáil. Dár ndóigh, cuirtear an ruaig ar na Seacabítigh. Maraíonn Jamie Randall ar pháirc an chatha ach gortaítear go dona é fosta. Gabhtar Jamie agus gearrtar pionós an bháis air ach ligtear a cheann leis. Díbrítear é go Sasana ar feadh roinnt blianta ag obair ar eastát mór ar parúl. Ansin, feicimid cad é a tharla do Claire nuair a d’fhill sí go hAlbain i 1948. Gealann Claire do Frank nach luafaidh sí ainm Jamie nó an tráth a chaith sí san am a chuaigh thart arís. Bogann siad go Boston agus tógann siad Brianna (iníon Jamie agus Claire) le chéile. Cláraíonn Claire i scoil leighis agus cáilíonn sí mar dhochtúir. Is minic a bhíonn Claire agus Frank ag argóint agus is cosúil go bhfuil Claire i ngrá le Jamie go fóill. Faigheann Frank bás i dtaisme bhóthair agus tugann sé seo muid go dtí an pointe ar fhág Séasúr 2 muid. Téann Claire tríd na clocha draíochta arís, agus is mór an t-iontas ar Jamie nuair a fheiceann sé í go dtiteann sé i laige. Is gearr go dtosnaíonn a gcuid eachtraí arís. Téann siad ar thóir taisce, a chuir Clann Choinnich i bhfolach blianta ó shin, chun airgead a thabhairt don bhean a phós Jamie cúpla bliain roimhe, agus Claire imithe. I rith na creiche, áfach, fuadaíonn foghlaithe mara Ian - nia Jamie. Téann Jamie agus Claire ar thóir na bhfoghlaithe mara trasna an Atlantaigh. Éiríonn leo tarrtháil a thabhairt ar Ian ach ina dhiaidh sin tarlaíonn longbhriseadh dóibh le linn spéirlinge ar a dturas ar ais go hAlbain agus tugtar iad chun talún slán ar chladach Georgia.

Tobias Menzies

Séasúr 4[cuir in eagar | athraigh foinse]

Beidh séasúr 4 le fáil ar Amazon Prime ar 4 Samhain 2018. Beidh an scéal bunaithe in Georgia san ochtú céad déag aois ag an uair díreach roimh Chogadh Saoirse Mheiriceá.  

Príomhaisteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is aisteoir Éireannach í Caitríona Balfe (a rugadh ar 4 Deireadh Fómhair 1979 i mBaile Átha Cliath). Tógadh i dTigh Damhnata i gContae Mhuineacháin í. D’oibrigh sí mar maincín sa Fhrainc agus san Íodail. Bhí páirt aici sa scannán The Devil Wears Prada i 2006, ach tá sí clúiteach mar Claire Fraser sa tsraith Outlander a seoladh i 2014. Tá Gaeilge ag Caitriona agus déanann sí gach iarracht í a labhairt chomh minic agus is féidir.[1] Tá rud beag Fraincise aici fosta.

Is aisteoir Albanach é Sam Heughan a rugadh in Balmalcellan, Albain ar an 30ú Aibreán 1980. Fuair sí cuid mhór gradam mar aisteoir agus bunús na ngradam seo don tsraith Outlander.

Is aisteoir Sasanach é Tobias Menzies. Rugadh ar 7 Márta 1974 é. Déanann sé páirt Frank Randall agus Jonathan “Black Jack” Randall sa tsraith Outlander.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]