Caitriona Balfe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCaitriona Balfe

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Caitríona Balfe
Beathaisnéis
Breith4 Deireadh Fómhair 1979
44 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Airde178 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Dath súileGorm
Dathán gruaigeGruaig dhonn
Gníomhaíocht
Réimse oibreAisteoireacht scannáin
Gairmban-aisteoir (2009–), mainicín (1998–2008), léiritheoir scannáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1998 –
TeangachaBéarla, an Ghaeilge agus an Fhraincis
GníomhaireModelwerk (en) Aistrigh, IMG Models (en) Aistrigh agus Elite Model Management
Gradam a fuarthas

IMDB: nm1495520 Allocine: 488862 Rottentomatoes: celebrity/caitriona_balfe Allmovie: p669957 Metacritic: person/caitriona-balfe AFI: 292741
Twitter: caitrionambalfe Instagram: caitrionabalfe Cuir in eagar ar Wikidata

Ban-aisteoir agus mainicín Éireannach is ea Caitríona Balfe, a rugadh ar 4 Deireadh Fómhair 1979 i mBaile Átha Cliath. Aithníonn an saol mhór í go háirithe de bharr a ról mar Claire Fraser sa tsraith Starz úd Outlander, ról a bhuaigh Gradam People's Choice di faoi dhó agus dhá cheann de na Gradaim Saturn. Ainmníodh í faoi dhó do Ghradam Golden Globe mar "bhanaisteoir is fearr".

Tógadh Caitriona i dTigh Damhnata, i gContae Mhuineacháin. Tá Gaeilge líofa aici. Sa bhliain 1999, agus í ag déanamh staidéir i dTeach an Cheoil agus Dráma in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, tairgeadh post mainicíneachta di i bPáras. Chaith sí deich mbliana ag déanamh feachtas fógraíochta agus ag obair ar rúidbhealaigh sular iompaigh sí ar ais ar an aisteoireacht.

Mainicíneacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug scabhta ó ghníomhaireacht mainicíneachta Balfe faoi deara agus í ag bailiú airgid ar son carthanachta taobh amuigh de shiopalann i mBaile Átha Cliath. Chuaigh sí leis an obair sin go lánaimseartha. Sna blianta 2002 agus 2003, thuill sí $300,000 nach mór ag obair mar mhainicín in Milan, san Iodáil, ach chuaigh an ghníomhaireacht bancbhriste agus ní bhfuair sí an t-airgead. Tharla rud cosúil leis sin arís sa bhliain 2009. (Mar gheall ar a leithéid bunaíodh an Model Alliance.)[1][2]

Ag smaoineamh ar an seal a chaith sí ag mainicíneacht, dúirt Balfe "Modeling wasn't a passion of mine so that made it get old kind of quickly. I was getting very frustrated." Deir sí nach rachadh sí ar ais chuig an cheird sin go lánaimseartha.

Aisteoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Balfe go Cathair Nua-Eabhrac mar a raibh mionpháirt aici sa scannán úd The Devil Wears Prada. Ansin chuaigh sí go Los Angeles agus rinne sí staidéar ar an aisteoireacht.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]