Otto Hahn
Cuma
Ceimicí is fisiceoir a rugadh i bhFrankfurt na Gearmáine ab ea Otto Hahn (8 Márta 1879 - 28 Iúil 1968). Le Lise Meitner (1878-1968) d'fhionn sé an dúil radaighníomhach prótaictiniam (Pa) i 1917. Scoilt sé adamh úráiniam le neodróin i 1938 chun bairiam radaighníomhach a chruthú. Thairg Meitner agus a nia Otto Frisch (1904-1979) gur trí eamhnú núicléach in imoibriú slabhrúil a tharla sé seo. Bhí agus tá an feiniméan seo bunúsach don fhuinneamh núicléach agus an buama adamhach. Bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice i 1944 as a shaothar. Creideann cuid mhaith daoine gurbh éagóir é nár roinn Lise Meitner an duais leis.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Otto Hahn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 339.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |