Imoibriú slabhrúil
Cuma
bhfisic núicléach, imoibriú in ábhar núicléach eamhnaithe a fhuasclaíonn eamhnú núicléach amháin, a spreagtar ar dtús le neodrón ionsaitheach, ansin tuilleadh neodrón a spreagann tuilleadh eamhnuithe, i gcaoi go leanann an próiseas ar aghaidh go slabhrúil. Má bhíonn dóthain toirte den bhunábhar eamhnaithe ann, ionas nach néalaíonn an iomarca de na neodróin a chruthaítear is go gcuireann dóthain díobh tús le heamhnuithe eile, mairfidh an t-imoibriú slabhrúil. Braitheann cumhacht núicléach is buamaí adamhacha ar imoibrithe slabhrúla ar úráiniam nó plútóiniam.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Imoibriú slabhrúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 366.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |