Radaicheimic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Táirgeadh is úsáid na raidiseatóp chun staidéar a dhéanamh ar chomhdhúile ceimiceacha is a n-imoibrithe. Mar shampla, is féidir comhdhúile a shintéisiú le hadaimh radaighníomhacha comhshnaidhmthe ag ionaid ar leith, agus ansin nuair a ghlacann na comhdhúile seo páirt in imoibriú ceimiceach is féidir torthaí an imoibrithe a thástáil, féachaint cá ndeachaigh na hadaimh radaighníomhacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Radaicheimic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 544.