Naisc Iompair Luimnigh
Ós rud é go bhfuil sí suite san áit ina a thagann an tSionna ar thaoide an fharraige, is príomh-ionad iompair í Luimneach, an ceathrú cathair is mó in Éirinn agus an tríú ceann is mó sa Phoblacht. Ní amháin gur ceann scríbe ar leith í ach tá sí suite chomh maith ar na bealaigh idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí, idir Corcaigh agus Gaillimh agus idir Port Láirge agus Iarthar na hÉireann.
Traein[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sé Stáisiún Cholbert ar Shráid Pharnell stáisiún traenach Luimní. Imíonn traenacha uaidh go dti Baile Átha Cliath, Port Láirge agus Ros Láir, Aonach agus Ros Cré, Corcaigh agus Inis agus ta pleananna ann chun line na hInse a leathnú chuig Gaillimh agus Clár Clainne Mhuiris.
Busanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Imíonn fad-sheirbhísi Bus Éireann ó Stáisiún Cholbert chomh mhaith go dti Baile Átha Cliath, Ros Cré, Cill Chainnigh, Port Lairge, Corcaigh, Cill Áirne, Inis, Gaillimh, Sligeach, Áth Luain agus bailte móra eile ne hÉireann. Tá seirbhísi áitiúla chuig bailte mar Sionna, Caisleán Uí gConaig, Brú na nDéise, Caisleán Nua Thiar agus Faing agus tá seirbhís cathrach ag freastail ar na bruach-bhailte.
Is iad a leanas príomh-bhealaigh Bus Éireann i gcathair Luimní:
- 301 Lár na Cathrach go dti Bruach na Sionnainne
- 302 Lár na Cathrach go dti Cathair Daibhín
- 302A Ollscoil Luimni go dti Cathair Daibhín
- 303 Páirc Carrúin go dti Baile Neachtain
- 304 Lár na Cathrach go dti Ráithín trí Ascall Uí Chonaill
- 304A Lár na Cathrach go dti Ráithín trí Páirceanna Glasa
- 305 Páirc Lynwood go dti Timpeallán Cuanach
- 306 Páirc Craebhal go dti Páirc Uí Mháille
- 308 Lár na Cathrach go dti Ollscoil Luimní trí Bhóthar Childers
- 308A Lár na Cathrach go dti Ollscoil Luimní trí Thobar na Pimgine
- 309 Radharc na Giúise go dti Páirc Mhuire
- 312 Lár na Cathrach go dti Baile Coimín
Tá serbhísí eile príobhádacha le fáil chomh maith ar nó anEurobus idir Lár na Cathrach agus Áth na Coite.
Bóithre[cuir in eagar | athraigh foinse]
Siad na príomh-bhóthair náisiúnta a ritheann ó Luimneach ná:
- an N7 soir ó thuaidh i dtreo Bhaile Átha Cliath, An Nás, Port Laoise agus Ros Cré;
- an N24 soir ó dheas i dtreo Phort Láirge, Ros Láir agus Cluain Meala
- an N20 ó dheas i dtreo Chorcaí agus Máigh Eala
- an N21 siar ó dheas i dtreo Cill Áirne agus Trá Lí
- an N69 siar i dtreo Lios Tuathail agus Faing
- an N19 siar ó thuaidh i dtreo Aerfort na Sionna
- an N18 ó thuaidh i dtreo na Gaillimhe, na hInse agus Shligigh
Siad na bóithre réigiúnaigh a ritheann ón gcathair ná:
- an R465 ó thuaidh i dtreo Áth Leathan, Lúbán Díoga, An Scairbh agus Baile Uí Bheoláin
- an R463 ó thuaidh i dtreo Cill Dá Lua agus An Scairbh
- an R512 ó dheas i dtreo Baile an Fhaoitigh, Brú na nDéise agus Cill Mocheallóg
- an R511 ó dheas i dtreo Feadamar agus Meánas
Aerfoirt[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá Aerfort na Sionna suite 25km siar ó lár na cathrach i gContae an Chláir le seirbhísi tras-Atlantacha, chuig an mBreatain agus chuig Mór-Roinn na hEorpa. Tá 20 eitilti idir-náisiúnta ar fáil uaidh gach lá ó Ryanair chomh mhaith le seirbhísi Aer Lingus, Delta, Continental, Central Wings, Belavia agus aerlínte eile. Tá aerfort beag príobhádach ar imeall thiar-thuaidh na cathrach i gCuanach.
Calafoirt[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá calafort fós ann i lár na cathrach ach tá an chuid is mó dá thrácht aistrithe anois go Faing atá suite 30km siar ar Bhéal na Sionnainne.
Canálacha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba iad an tSionna agus a canálacha an príomhcheangal idir Luimneach, Baile Átha Cliath, Port Láirge agus bailte móra Lár-Thír na hÉireann ón 18ú aois agus teacht an iarnróid tuairim na bliana 1845. Thóg an Chomhlucht Canáil Mhóir na hÉireann canáil idir Bhaile Átha Cliath agus Cuan na Sionainne i gContae Uíbh Fhailí agus leathnaíodh an córas tríd an Sionna, Loch Deirg agus Canáil an Abhainn Duibh síos go dtí Luimneach. Dúnadh an Canáil Mhór do last-iompar sa bhliain 1961 ach ath-osclaíodh córas Íochtar na Sionainne do thrácht saoire sa bhliain 2001. Faoi láthair na h-uaire, tá na bealaigh canálacha seo a leanas ó Luimneach:
- ar an Sionna agus Canáil Ard na Croise go dtí Cill Dalua, Cuan na Sionainne, Port Omna, Áth Luain, Tearmann Barra, Cara Droma Rúisc agus Droim Seanbhó.
- ó Chuan na Sionainne ar an gCanáil Mhór go dtí An Tulach Mór, Cúl an tSúdaire, Mainistir Eimhín, Na Solláin agus Baile Átha Cliath.
- ó Mhainistir Eimhín ar Chanáil na Bearbha go dtí Ceatharlach, Ros Mhic Thriúin agus Port Láirge.
- ó Thearmann Barra ar an gCanáil Ríoga go dtí An Muileann gCearr, Cill Choca, Maigh Nuad agus Baile Átha Cliath.
- ó Dhroim Seanbhó ar Chanáil Bhéal an Átha Mhóir-Bhaile Chonaill agus Loch Éirne go dtí Inis Ceithleann agus Béal Leice.
Tá pleananna ann chomh mhaith chun an córas a nascadh le córas na Banna trí ath-oscailt Canáil Uladh idir Loch Éirne Uachtar agus Loch n-Eachadh agus, dá bharr, bailte ar nós Cúl Raithin, Port an Dúnáin agus Muineachán a cheangailt le Luimneach.