Tá Ros Láir suite in oirdheisceart chontae Loch Garman, tuairim agus 20 chiliméadar ó dheas as baile Loch Garman. Is é a phríomhthábhacht ná an calafort a thugann paisinéirí agus gluaisteáin ar bord loinge go hAbertawe agus Penfro sa Bhreatain Bheag ar feadh na bliana, agus go dtí an Fhrainc cuid den bhliain.
Tá dhá shráidbhaile leis an ainm seo inniu, Calafort Ros Láir, mar a bhfuil an calafort, agus Trá Ros Láir, ar áit saoire é don chuid is mó.
I Ros Láir atá an Dr Ó Tuama, teachta dála (TD) neamhspleách dháilcheantar Loch Garman bunaithe.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.