Oileáin Fháclainne
Oileáin Fháclainne | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Aintiún | God Save the King (1833) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Críoch á éileamh ag | an Ríocht Aontaithe an Airgintín | ||||
Príomhchathair | Stanley | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 4,550 (2018) | ||||
• Dlús | 0.37 hab./km² | ||||
Déamainm | Fáclannach | ||||
Teanga oifigiúil | Béarla | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Meiriceá Theas | ||||
Achar dromchla | 12,200 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 3 Eanáir 1833 | ||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól Reachtaíochta Oileáin Fháclainne | ||||
• Monarc na Ríochta Aontaithe | Alison Blake (en) (2022–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | punt Oileáin Fháclainne | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .fk | ||||
Glaochód | +500 | ||||
Cód tíre | FK | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | falklands.gov.fk |
Críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe iad Oileáin Fháclainne (Islas Malvinas as Spáinnis), agus iad suite san Aigéan Atlantach, 300km soir ó chósta na hAirgintíne agus 940km ó thuaidh ón Antartaice. Is iad Fáclainn Thiar agus Fáclainn Thoir na príomhoileáin san oileánra seo.
Tá an t-ainm Gaeilge bunaithe ar an mBéarla. Téann an t-ainm Béarla siar go dtí an bhliain 1690, nuair a bhaist John Strong ainm a urraí féin, Anthony Cary, Bíocunta Falkland, ar na hoileáin. Maidir leis an ainm Spáinnise, leagan is ea é den ainm Fraincise Îles Malouines.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is deacair bun ná barr a dhéanamh de stair na n-oileán, agus an oiread stát is a d'éiligh gur leo féin iad, idir an Fhrainc, an Spáinn, an Ríocht Aontaithe agus an Airgintín.
D'fhéach Louis Antoine de Bougainville, sa bhliain 1764, le hiascairí Briotánacha ó Saint Malo a chur ina gcónaí sna hoileáin, agus is as na chéad choilínithe seo a d'ainmnigh sé an áit.
Nuair a bhain an Airgintín amach a neamhspleáchas sa bhliain 1816, thosaigh sí, i gcomharbas ar an Spáinn, ag tabhairt le fios gur léise na hoileáin. Sa bhliain 1831, chuir an long chogaidh Mheiriceánach USS Lexington an t-áitreabh Airgintíneach i bPuerto Soledad (inniu, Port Louis) de dhroim an tsaoil. Go gairid ina dhiaidh sin, shealbhaigh na Sasanaigh an t-oileánra.
Sa bhliain 1982, arís, d'ionsaigh rialtas míleata na hAirgintíne na hoileáin, agus d'éirigh ina chogadh idir an Airgintín agus an Ríocht Aontaithe. I ndiaidh dhá mhí, d'éirigh leis na Sasanaigh ruaigeadh a chur ar na hAirgintínigh agus a bhforlámhas a chur i bhfeidhm in athuair.
Fionnachtain na nOileán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a tháinig na chéad taiscéalaithe ón Eoraip ar na hoileáin, ní bhfuair siad áitreabh ar bith rompu. Mar sin féin, tá iarsmaí seandálaíochta - iarsmaí de shaighde agus de bháid - faighte i bhFáclainn a thugann le fios gur shroich daoine réamhstairiúla an t-oileánra fadó agus b'fhéidir, fiú, gur shocraigh siad síos ansin. Nuair a tháinig an chéad Eorpach i dtír, bhí cineál ar leith den tsionnach, an sionnach Fáclannach nó Dusicyon australis, beo ansin i gcónaí (chuaigh sé in éag sa dara leath den naoú haois déag), agus síltear gurbh iad na daoine a thug an sionnach leo ó mhórthír Mheiriceá Theas, cé go bhfuil sé incheaptha gur tháinig sé as féin nuair a bhí droichead talún idir Fáclainn agus an mhórthír, le linn na hOighearaoise deireanaí.
Creidtear gurbh é an mairnéalach Ollannach, Sebald de Weert, ba thúisce a chuir sonrú san oileánra, thiar sa bhliain 1600. Bhaist na hOllannaigh "Oileáin Sebald" ar an oileánra ansin.
Sa bhliain 1690, bhí an captaen Sasanach John Strong ag iarraidh Puerto Deseado sa Phatagóin a bhaint amach, ach níor cheadaigh na gaotha dó é, agus ba éigean dó dul i dtír sna hoileáin. Ba eisean a d'ainmnigh na hoileáin as Viocúnta Falkland, an coimisinéir Aimiréalachta a mhaoinigh a thuras go Puerto Deseado.
An Chéad Áitreabh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Louis Antoine de Bougainville, saighdiúir agus loingseoir Francach, a bhunaigh an chéad bhuanáitreabh sna hoileáin sa bhliain 1764, san áit a bhfuil Port Louis inniu. An bhliain a bhí chugainn, áfach, tháinig an captaen Sasanach John Byron go dtí na hoileáin, agus ghabh sé Oileán Saunders, an ceann is faide thiar de na hoileáin, do choróin Shasana. B'ansin a bunaíodh an chéad áitreabh Sasanach, Port Egmont, sa bhliain 1766. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, shealbhaigh na Spáinnigh an choilíneacht Fhrancach, agus d'ionsaigh siad Port Egmont sa bhliain 1770 leis na Sasanaigh a ruaigeadh. Ba dhóbair go n-éireodh ina chogadh faoi na hoileáin san am sin féin, ach sa bhliain 1771, síníodh conradh nár shocraigh a dhath - fuair na coilínithe Sasanacha cead filleadh ar Phort Egmont, ach níor ghéill aon taobh orlach ar bith den fhorlámhas a bhí siad a éileamh ar na hoileáin.
An Tarraingt Siar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1774, nuair a bhí muintir na gcoilíneachtaí i Meiriceá Thuaidh ag cur cogaidh lena saoirse a bhaint amach ó choróin Shasana, tharraing na Sasanaigh siar óna lán dá gcuid coilíneachtaí beaga, Fáclainn san áireamh, le hacmhainní a spáráil. Níor fhág siad ina ndiaidh ach plaic chuimhneacháin ina raibh éileamh na Sasanach ar na hoileáin leagtha amach. Bhí an Spáinn ag coinneáil áitreabh dá cuid féin ag imeacht, áfach, agus é á rialú mar chuid de Leasríocht Río de la Plata. Sa bhliain 1811, áfach, tharraing na Spáinnigh féin siar ó Fháclainn, gan ach plaic dá gcuid féin a fhágáil ina ndiaidh.
Na hAirgintínigh ag Sealbhú na nOileán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a bhain Leasríocht Río de la Plata amach an neamhspleáchas - ar dtús, thug sí an t-ainm "Cúigí Aontaithe Río de la Plata" uirthi féin, ach is é an t-ainm atá uirthi inniu ná an Airgintín - glacadh leis gur cuid den stát neamhspleách nua ab ea Oileáin Fháclainne, de réir an phrionsabail úd uti possidetis (is é sin, ós cuid den Leasríocht ab ea na hoileáin roimhe sin, b'fhollas gur cuid de na Cúigí Aontaithe ab ea iad anois). Ar an 6 Samhain 1820, d'ardaigh an Coirnéal David Jewett, Meiriceánach a bhí ar fiannas i gcabhlach cogaidh na gCúigí Aontaithe, bratach na tíre sin sna hoileáin, agus thug sé rabhadh do na mairnéalaigh Fhrancacha agus Shasanacha sa timpeallacht gan dul i dtír ansin, rabhadh nár thug siadsan aon aird air.
Sa bhliain 1826, bhunaigh na Cúigí Aontaithe coilíneacht agus áitreabh pionóis sna hoileáin, ach nuair a ghabh Gobharnóir na n-oileán, Luis Vernet, seilbh ar bháid de chuid sealgairí róin ó na Stáit Aontaithe, scrios longa cogaidh Meiriceánacha an t-áitreabh. Ina dhiaidh sin, fágadh na hoileáin faoi na príosúnaigh a d'éalaigh as an áitreabh pionóis, chomh maith le cibé foghlaí mara a rachadh ar lorg tearmainn ansin. Sa bhliain 1832, chuir na Cúigí Aontaithe gobharnóir nua go dtí na hoileáin, ach d'éirigh muintir na háite amach ina aghaidh agus maraíodh sa teagmháil é.
Gabháltas na Briotanach ar na hOileáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]I Mí Eanáir 1833, d'fhill fórsaí armtha na Breataine Móire go dtí na hoileáin, agus chuir siad in iúl do cheannasaí na nAirgintíneach go raibh siad le forlámhas na Breataine Móire a chur i bhfeidhm orthu. Na daoine a raibh cónaí orthu sna hoileáin cheana féin, ceadaíodh dóibh fanacht ansin, agus gaireadh gobharnóir nua de William Dickson, Éireannach a shocraigh síos sna hoileáin nuair a bhí Vernet i gceannas orthu.
Ní ba déanaí sa bhliain chéanna, d'fhill fear ionaid Vernet, Matthew Brisbane, go dtí na hoileáin, agus fuair sé le cloisteáil go raibh na Briotanaigh sásta cead a ngnóthaí a fhágáil ag Vernet i bhFáclainn, a fhad is nach bhféachfadh sé le forlámhas na Breataine Móire sna hoileáin a shárú.
Bunáit Mhíleata na Briotanach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thóg Cabhlach Ríoga na Breataine Móire bunáit i Stanley, agus tiontaíodh na hoileáin ina n-áit straitéiseach don loingseoireacht timpeall Cabo de Hornos. I Mí na Nollag 1914, chuir Cabhlach Ríoga na Breataine Móire agus Cabhlach Impiriúil na Gearmáine cath ar a chéile in aice le hOileáin Fháclainne, agus b'ar na Gearmánaigh a briseadh an cath seo sa deireadh.
Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí Stanley ina longfort cogaidh arís ag soláthar acmhainní do na longa a ghlac páirt i gCath Cabhlaigh Río de la Plata. Sa chath seo, rinne longa cogaidh de chuid na Sasanach díobháil chomh trom don Admiral Graf Spee, cúrsóir trom nó "cathlong póca" de chuid na nGearmánach, agus nach bhfuair an captaen aon dara rogha ach an long a pholladh é féin ina dhiaidh sin. Ós rud é go raibh an Admiral Graf Spee ar ceann de na longa cogaidh ba nua-aoisí ag an am, ba mhór an bua a bhí ann ag na Sasanaigh, cé gur chaill siad cuid mhór mairnéalaigh sa chath.
Na hAirgintínigh ag Éileamh a gCirt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig ceist an fhorlámhais faoi chaibidil arís sa dara leath den fhichiú haois. Níor ghéill na hAirgintínigh na hoileáin riamh do na Sasanaigh ach amháin faoi bhagairt an fhoréigin, agus anois, rith leo go bhféadfaidís leas a bhaint as na Náisiúin Aontaithe lena gcás a chur os comhair an tsaoil mhóir. Ó bhí na Náisiúin Aontaithe tar éis rún a rith ag éileamh díchoilíniú na gcoilíneachtaí, bhí na hAirgintínigh barúlach go dtabharfadh na Briotanaigh suas iad.
Ón taobh eile, bhí rún eile ann a rinne coinníoll de go gcuirfeadh an díchoilíniú faoi bhráid mhuintir na háite i reifreann, agus na Briotanaigh ag tagairt don choinníoll seo: de phór Shasana ab ea iad bunadh na n-oileán, ó thaobh an chultúir agus na teanga de ar a laghad, agus b'éadócha go gcaithfidís vóta in aghaidh an fhorlámhais Bhriotanaigh.
Sna 1960idí, chuaigh na Sasanaigh agus na hAirgintínigh chun comhchainteanna faoi thodhchaí Oileáin Fháclainne ó am go ham, ach níor tháinig aon toradh ar leith astu. Ba é oighear an scéil go raibh cónaitheoirí na n-oileán meáite ar an nasc leis an Ríocht Aontaithe a choinneáil.
Na Naisc idir an Airgintín agus Oileáin Fháclainne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Aerfhórsa na hAirgintíne (Fuerza Aerea Argentina) a chuir tús leis an chéad cheangal aerthráchta idir na hOileáin agus aon áit taobh amuigh díobh. Is é an tAerfhórsa atá ag reáchtáil aerlíne stáit na hAirgintíne, LADE (nó Lineas Aereas del Estado, a chiallaíonn, go simplí, "Aerlínte an Stáit").
Aerárthaí den chineál Grumman HU-1 Albatross a bhí in úsáid acu, agus iad ag eitilt ó Comodoro Rivadavia (príomhchathair Chúige Chubut sa Phatagóin i ndeisceart na hAirgintíne) go Stanley, príomhchathair na nOileán. Eitleáin uisce a bhí iontu a thuirlingeodh san fharraige, ionas nach raibh aerfort ná rúidbhealach de dhíth orthu.
D'iarr Aerfhórsa na hAirgintíne cead ar lucht rialtais na Ríochta Aontaithe an chéad rúidbhealach a ghearradh sna hOileáin. Bhí na Sasanaigh sásta leis an tairiscint, agus nuair a bhí an t-aerfort críochnaithe, thosaigh na hAirgintínigh ag eitilt dhá thuras in aghaidh na seachtaine go dtí na hOileáin. Tháinig deireadh leis an aerthrácht seo, áfach, sa bhliain 1982, nuair a thosaigh Cogadh Fháclainne.
Ba é comhlacht náisiúnta artola agus gáis na hAirgintíne, YPF (Yacimientos Petrolíferos Fiscales, is é sin, Na hOlaréimsí Fioscacha - nó Olaréimsí an Státchiste) a choinníodh fuinneamh le muintir na nOileán.
An Cogadh sa bhliain 1982
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh an chéad síol le Cogadh Fháclainne, nuair a tháinig mangairí dramh-mhiotail i dtír ar Oileán Georgia Theas ar an 19 Márta 1982. D'ardaigh siad an bhratach Airgintíneach. Go gairid ina dhiaidh sin, ar an 2 Aibreán 1982, d'fhorghabh na hAirgintínigh Oileáin Fháclainne féin.
=> Príomhalt: Cogadh Fháclainne
Daonra agus Teanga
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá nósanna agus cultúr na bhFáclannach cosúil le cultúr na Breataine Móire, go bunúsach. Is é an Béarla a dteanga dhúchais, cé go bhfuil blas nó canúint ar leith acu a fuair cuid mhaith tionchair ón dúrud canúintí eile, idir Bhéarla na hAstráile, Bhéarla na Nua-Shéalainne, Bhéarla Iarthar Shasana, Bhéarla Chontae Norfolk, agus an Albainis. Tá aithne na Spáinnise ar Bhéarla Fháclainne chomh maith, nó tugann muintir na n-oileán camp ar an tuath taobh amuigh de Stanley, in áit countryside. Tá an úsáid seo bunaithe ar an Spáinnis, nó is é campo an focal ar "tuath" sa teanga sin.
Tíreolaíocht na nOileán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá dhá mhóroileán ann, Fáclainn Thoir (Spáinnis: Isla Soledad, nó Oileán an Uaignis) agus Fáclainn Thiar (Spáinnis: Isla Gran Malvina, nó Oileán na Mailbhíne Móire). Níl ach cuing bheag talún idir dhá leath an oileáin thoir le chéile; an chuid atá taobh theas den chuing sin, tugtar Leithinis Lafonia uirthi. Níl mórán áitribh i Lafonia, i gcomparáid le tuaisceart an oileáin thoir. Tá Goose Green agus Darwin suite sa chuing idir Lafonia agus an tuaisceart.
Tá Stanley, príomhchathair na n-oileán, suite sa leath thuaidh den oileán thoir. Ansin atá cónaí ar an gcuid is mó de mhuintir na n-oileán.