Uí Laoghaire
Meastar gur tháinig tiarnaí Uí Laoghaire ó dhúchas as ceantar Ros Ó gCairbre, ach inniu gaolta le paróiste Uibh Laoghaire i gContae Chorcaí[1][2][3]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rianaíonn a chlann a ginealach siar go dtí Lugaid mac Con, rí ársa na Teamhrach agus Ardrí na hÉireann, agus shroicheadar Dháire Doimthí. Feictear i Leabhar Mór Leacáin (A.D. 1397-A.D. 1418) iad mar thaoisigh dhúchasacha Chorca Laidhe i dtuath Rois, le teaghlaigh ann:[4]
- Tuath Ruis .i. Tuath in Dolaich, o Loch in Bricin co Faid Ruis, o Thraig Long co Sid na Fear (i) Find. O Leagaire a taisach duchusa. Is iad so an oclaid duchusa .i. O Ruaidri, O Lonan, O Laidid, O Torpa, O hUrmoltaich, O Mirin, O Meic Dairic, O Tuaraide, O Trena, O hUainidi, O Cerdin
Insítear i nAnnála Inis Faithlinn as Áth Cliath gur éag Naomh Fachtna sa bhliain 600 in:[5]
- Corca Laidhe-I-Laeghaire Ruis".
Sa 12ú haois, bhí Uí Laoghaire ina maoir ó oidhreacht ar mhainistir Fachtna agus ar an scoil ard-léinn, Scoil Rois. Ó shin i leith, cuireadh an ruaig ar an gclann ó thuaidh, agus lonnaigh siad raibh ó dheas de Mhaigh Chromtha thart ar Inse Geimhleach ar An Laoi, darb ainm anois Uibh Laoghaire.
An lá inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl ach fíor bheagán ar an eolas fúithi le roinnt haoiseanna go dtí an 16ú haois, nuair thángadar ar an bhfód sách saibhir, cé faoi ghéillsine Mhic Cárthaigh Mhúscraí, a bhronn Slat na ríghe orthu.[6] Ní raibh an i dTiarna Mhúscraí ach iad féin agus Mhic Mhathúna mar ruílsigh.[7] Thóg siad roinnt caisleán, ach níl ach fós ach Caisleán Charraig na Cora.
Sheas Amhlaoibh Ó Laoghaire ó thús báire le hAodh Ó Néill, 2a hIarla Thír Eoghain i gCogadh na Naoi mBliana (Éire), i dteannta le William Bourke (Clanricarde) agus eile others. Eisreachtaíodh tiarnaí Uí Laoghaire agus briseadh a gcuid críoch suas, ach níor tharla tada i ngeall ar scoite na dtailte, agus d'fhanadar slán ann go dtí coigistiú Cromwell na cianta níos deireanaí. Rinne Donnchadh Mac Cárthaigh, 1d Iarla Chlann Chárthaigh a dhícheall tacú a thabhairt don chlann trí léasú.[8] Le linn Chogadh an Dá Rí, scaipeadh an chlann níos mó.
Mar chomhartha a gcuid saibhris agus cumhachta i lár na 16ú haoise, deirtear go raibh Ó Laoghaire éigin as Carraig na Cora [9] ina athair altrama Dhomhnaill na gCraicne, sinsear Uí Dhonnabháin Uí Dhonnabháin Chlann Cathaill. Phós a iníon Ellen le Domhnall, agus bhí mac acu, Domhnall II.
Bhí Domhnall mac Airt Ó Laoghaire (1575–1657) ina thiarna deireanach Uí Laoghaire den ord Gaelach.
De shliocht ghéag na clainne as Carraig na Cora ba ea an scríbhneoir Gaeilge mór le rá Peadar Ua Laoghaire.[10]
Uí Laoghaire Eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feictear an t-ainm fosta i ngéag na nEoghanacht, Cineál Laoghaire.[11] Is deacair é ginealaigh an dá chlann Uí Laoghaire, idir Corca Laidhe in iarthuaisceart Chorcaí agus Eoghanacht ar na gaobhair i gCiarraí, a rianú.
Níl cuan Dhún Laoghaire, gar do Bhaile Átha Cliath, gaolta le hUíbh Laoghaire, ach ina ionad sin ainmnithe as Laoghaire mac Néill, Ardrí de chuid na 5ú haoise.
Daoine
[cuir in eagar | athraigh foinse]Míleata
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Art Ó Laoghaire (bás 1773), oifigeach airm Ostra-Ungárach
- Chum a bhean chéile, Eibhlín Dubh Ní Chonaill, "Caoineadh Airt Uí Laoghaire"
- Daniel Florencio O'Leary (1802–1854), ginearál faoi Simon Bolivar
- Michael John O'Leary (1890–1961), saighdiúir Ceanadach ar a bhronnadh Victoria Cross
- William O'Leary (British Army officer), arm na Breataine
Reiligiúin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Arthur O'Leary (1729–1802), Proinsiasach Éireannach agus scríbhneoir conspóideach
- Francis O'Leary MBE (1931–2000), sagart agus misinéir a bhunaigh Ospís Naomh Seosamh
- Henry Joseph O'Leary (1879–1938), easpag Ceanadach
- Louis James O'Leary (1877–1930), easpag Meiriceánach
Litríocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- John O'Leary (Fínín) (1830–1907), file Éireannach, curtha i ngéibheann le linn na naoú haoise déag
- Máire Bhuí Ní Laoghaire (1774–1849), file Éireannach
- Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), sagart agus scríbhneoir Gaeilge, ina bhunaitheoir litríocht Ghaeilge an lae inniu, a mheastar
Polaitíocht agus dlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Brendan O'Leary, eolaí polaitíochta Éireannach
- Clement O'Leary, Feisire Ceanadach
- Cornelius O'Leary, staraí Éireannach
- Denis O'Leary (1863–1943), polaiteoir Nua Eabhraic
- Donnchadh Ó Laoghaire (rugadh 1989) Teachta Dála le Sinn Féin
- Grattan O'Leary (1888–1976), iriseoir agus Seanadóir Ceanadach
- Hazel R. O'Leary (rugadh 1937), United States Secretary of Energy
- Henry O'Leary, fear gnó Éireannach, pearsa polaitiúil in New Brunswick
- Humphrey O'Leary (1886–1953), 7ú Ard Ollamh Nua Séalainne
- James A. O'Leary, Feisire Nua Eabhraic
- Jean O'Leary, iarbhean rialta agus gníomhaí cheart LADTA
- John O'Leary (ambassador) (1947–2005), maor Portland, Maine, agus ambasadóir SAM chun na Sile
- John O'Leary (Ciarraí) (born 1933), teachta dála le Fianna Fáil as Ciarraí
- John O'Leary (Loch Garman) (1894–1959), teachta dála le Páirtí an Lucht Oibre as Loch Garman
- Joseph V. O'Leary, polaiteoir Nua Eabhraic
- Kevin O'Leary (breitheamh) (rugadh 1920), 2a hArd-Ollamh san Northern Territory, Ceanada
- Micheál Ó Laoire (1936–2006), iar cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre
- Seán O'Leary (polaiteoir) (rugadh 1941), Seanadóir Éireannach
- William O'Leary (polaiteoir) (bás 1955), teachta dála le Fianna Fáil as Ciarraí
Iriseoireacht agus gníomhaíochas
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Émile-Dostaler O'Leary (1908–1965), iriseoir Ceanadach
- Grattan O'Leary (1888–1976), iriseoir Ceanadach agus seanadóir
- Jeremiah O'Leary, iriseoir Meiriceánach
- John O'Leary (iriseoir), eagarthóir ar an Times Higher Education Supplement
- Olivia O'Leary, iriseoir Éireannach
- Walter-Patrice O'Leary (1910–1989), iriseoir agus ceardchumannaí Ceanadach
Ealaín
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Arthur O'Leary (1834–1919), cumadóir agus pianadóir Éireannach
- Dermot O'Leary (born 1973), láithreoir teilifíse agus raidió Sasanach
- Fletcher O'Leary, Astrálach páiste-aisteoir
- Jane O'Leary (rugadh 1946), cumadóir avantgarde Meiriceánach
- Karen O'Leary, aisteoir Nua Séalainne
- Mary O'Leary, léiritheoir teilifíse Meiriceánach
- Matt O'Leary, aisteoir Meiriceánach
- Michael O'Leary (aisteoir) (rugadh 1958), aisteoir Meiriceánach
- Patrick O'Leary (scríbhneoir) (born 1952), scríbhneoir fhicsean eolaíochta Meiriceánach
- Ursula O'Leary, aisteoir Sasanach
- William O'Leary (actor), aisteoir Meiriceánach
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Amanda O'Leary, bainisteoir lacrosse Meiriceánach
- Bob O'Leary, imreoir sacair Meiriceánach
- Charley O'Leary (1882–1941), imreoir daorchluiche Meiriceánach
- Clare O'Leary, chéad bhean Éireannach a dhreap Sliabh Everest
- Clare O'Leary (imreoirí cruicéid)
- Dan O'Leary, imreoir daorchluiche Meiriceánach
- Daren O'Leary, imreoir rugbaí Sasanach
- David O'Leary, imreoir agus bainisteoir sacair
- George O'Leary (rugadh 1946), American college football coach
- John O'Leary (peileadóir)
- Kieran O'Leary, peileadóir
- Kristian O'Leary, imreoir sacair Breathnach
- Mike O'Leary, curlálaí Meiriceánach
- Noel O'Leary, peileadóir
- Peter O'Leary, réiteoir sacair Nua Séalainne
- Pierce O'Leary, peileadóir
- Ryan O'Leary, imreoir sacair Albanach
- Seánie O'Leary (rugadh 1954), iománaí
- Stephen O'Leary, imreoir sacair Éireannach
- Tomás O'Leary (rugadh 1983), imreoir rugbaí Éireannach
- Troy O'Leary (rugadh 1969), imreoir daorchluiche Meiriceánach
Eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Brian O'Leary, eolaí agus spásaire Meiriceánach
- Catherine O'Leary (1827–1895), owner of the property in which it was alleged the Great Chicago Fire started
- Ciarán O'Leary, imreoir pócair
- Daniel O'Leary (drongadóir)
- James Patrick O'Leary (c. 1860–1926), drongadóir
- Kevin O'Leary (fiontraí), caipitlí fiontair Ceanadach
- Michael O'Leary, Ryanair
Áiteanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dún Laoghaire, Baile Átha Cliath
- O'Leary, Oileán Phrionsa Éadbhard
- Plaza O’Leary – cearnóg mhór in Caracas, Veiniséala, ainmnithe as Daniel Florencio O'Leary
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Annála Inis Faithlinn as Áth Cliath
- ↑ Seán Ó Donnabháin, eag. 'The Genealogy of Corca Laidhe', in Miscellany of the Celtic Society. Baile Átha Cliath. 1849. (scan eile)
- ↑ Cork History and Society, P. O'Flanagan, C. Buttimer, Geography Publications, Baile Átha Cliath 1993
- ↑ Cork History and Society, P. O'Flanagan, C. Buttimer, eag. Geography Publications, Baile Átha Cliath 1993
- ↑ Seán Ó Donnabháin
- ↑ Ó Murchadha, lch. 208
- ↑ Diarmuid Ó Murchadha, Family Names of County Cork. Corcaigh: The Collins Press. 2a heagrán, 1996, ll. 206 ff
- ↑ Ó Murchadha, lch. 211
- ↑ Ní fios a ghéag, b'fhéidir ceann eile ná mar a tháinig i seilbh ann níos déanaí.
- ↑ Ó Murchadha, lch. 214
- ↑ Cork History and Society, P. O'Flanagan, C. Buttimer, eag. Geography Publications, Baile Átha Cliath 1993, lch. 63