Jump to content

Néimeatóid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoNéimeatóid
Nematoda Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
FíleamNematoda Cuir in eagar ar Wikidata
Rudolphi, 1808
Néimeatóid sheadánach a mhaireann ar phónairí soighe in éineacht lena hubh
Eophasma jurasicum, iontaise de néimeatóid dhíobhaí

Is éard atá i gceist le néimeatóid ná cruinnphéist fhada shorcóireach, barrchaolaithe as a dhá cheann. 80,000 speiceas ar eolas, ach suas lena 10 n-oiread sin ar Domhan i ndáiríre, meastar. Tá fíleam dá gcuid féin acu. Bíonn siad 1 mm - 1 m ar fhad.

Tá siad cosúil leis an bpéist talún. Maireann sí i ngnáthóg fhliuch: fíocháin plandaí, ithir fhliuch nó fíocháin is sreabháin an ainmhí. Go mór i gceist maidir le lobhadh plandaí is ábhar orgánach eile sa nádúr. Is lotnaidí cuid acu de bhrí go n-ionsaíonn siad fréamhacha barraphlandaí. Tá gnéithe ina seadáin in ainmhithe is daoine. Suas le 50 speiceas i ndaoine, ina measc an phéist chruacach is an phionnapéist. Ceann áirithe a fhaigheann an duine ó mhuiceoil fhochócaráilte, cuireann sí tús leis an ngalar tricíonóis. Amanna, bíonn na cruinnphéisteanna seo ag maireachtáil taobh istigh de cholainn an óstaigh gan aon ghalar a chur ar bun. Is iad seo na néimeatóidí is coitinne a spreagann galair i ndaoine: iad sin a mhaireann sa stéig (snáthphéisteanna, lascphéisteanna, na crúcaphéisteanna is cúis leis an ainéime sna trópaicí go minic), iad sin a mhaireann sna fíocháin tar éis a bheith curtha iontu trí ghreamanna feithidí (cosúil leis an bpéist is cúis le daille abhann), agus iad sin a chuireann tús le galair in ainmhithe is a mhalartaítear chuig daoine ó am go chéile (cosúil le péist ar leith tocsacara madraí a aistrítear uaireanta ina larbha ó fhaecas an mhadra ionfhabhtaithe do pháiste, a dhéanann damáiste do reitiní na súl sa pháiste, agus mar sin don radharc).[1]

Caenorhabditis elegans, sampla eile de phéist néimeatóideach


  1. Hussey, Matt (2011). "Néimeatóid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 482.