Péist talún
![]() ![]() | |


Is ainmhithe déthaobhacha éagsúla iad péisteanna talún ( ar a dtugtar freisin; cuiteoga, agaillí, nó go díreach péisteanna), atá gaol i bhfad amach acu lena chéile, agus de ghnáth bíonn corp fada sorcóireach cosúil le feadáin acu, gan géaga agus gan súile de ghnáth.
Bíonn péisteanna éagsúil ó thaobh méide de, ó mhicreascópach go níos mó ná méadar amháin ar fhad i gcás péisteanna polachaeteacha mara (péisteanna guairneacha)[1] 6.7 metres (22 ft); 6.7 méadar i gcás na péiste Microchaetus rappi[2] ; agus 58 méadar i gcás na hiallphéiste Lineus longissimus[3] . Tá cineálacha éagsúla péiste ann a chónaíonn i nideoiga pharasítacha beaga, laistigh de choirp ainmhithe eile. Ní mhaireann speicis shaora de phéisteanna ar thalamh, ach ina ionad sin, maireann siad i dtimpeallachtaí mara nó fionnuisce, nó faoi thalamh trí thochailt."
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cornwall – Nature – Superstar Worm".
- ↑ "Worm Digest - The Mighty Worm". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Feabhra 2009. Dáta rochtana: 15 Feabhra 2025.;
- ↑ "The Guinness book of animal records" (1995). Enfield: Guinness Publishing.