Tricíonóis
Jump to navigation
Jump to search
Galar bia-iompartha ar seadán micreascópach, tricíne, a bhunchúis. Scaipeann an seadán ar fud na colainne, agus tagann le bheith leabaithe i matáin, ag cruthú cisteanna is ag spreagadh frithghníomhartha imdhíonacha. Bíonn pianta sna matáin mar thoradh air seo, agus éiríonn siad lag. Bíonn fiabhras ag duine is bárcadh allais, gríos is at mórthimpeall na súl. Má chuireann an galrú isteach ar mhatán an chroí, féadfaidh cliseadh croí is bás tarlú. Chun an galar a sheachaint is gá feoil a bhruith i gceart, muiceoil go príomha.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |