Daille abhann

Ionfhabhtú atá eindéimeach san Afraic a tharlaíonn de bharr péiste micreascópaí de chlann na néimeatóide, Onchocerca volvuvus. Iompraíonn cuileoga dubha, a chónaíonn gar d'aibhneacha, an phéist, agus nuair a thógann siad greim phianmhar as daoine tugtar an phéist dóibh. Nuair a bhaineann an greim leis an tsúil, tarlaíonn tochas agus, de réir a chéile, tál iomarcach deor, athlasadh an inteacháin, glácóma, agus daille.[1]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Daille abhann". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 197.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |