Pónaire soighe
Jump to navigation
Jump to search
Planda tomach scothdhearg gruagach bliantúil a fhásann 2 m ar airde is ea an pónaire soighe. Bíonn 3 dhuilleoigín ubhchruthacha leathana ar na duilleoga. Na pisbhláthanna neamhfheiceálach, corcarghorm, bándearg nó bán, ina gcrobhaingí in ascaillí na nduilleog. Na cochaill suas le 8 cm ar fhad, gruagach. Saothraithe leis na cianta in oirthear na hÁise, agus in iliomad gnéithe anois sa Seandomhan is an Domhan Úr. Na síolta lán de phróitéin: itear iad mar ghlasraí agus úsáidtear iad chun feoil shaorga, plúr, is ola i gcomhair margairín is cócaireachta a tháirgeadh. Tá an iliomad úsáid thionsclaíoch ann: i gcruain, péinteanna, vearnaisí, bealaitheoirí is malartaigh rubair. Na plandaí suntasach mar chothú do stoc feirme.
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann le: Glycine max. |
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |