Margairín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaMargairín
Margaryn 022.jpg
Bunús
Tír dhúchaisFrainc
AireagóirHippolyte Mège-Mouriès (en) Aistrigh
Sonraí
Cineálmargarine and similar edible fats (en) Aistrigh, Margarines, spreads, mayonnaise and other fatty emulsion products (en) Aistrigh, fat spread (en) Aistrigh agus vegetable fat (en) Aistrigh
Príomh-chomhábhairola glasraí
Leastar Margairín

Ionadach ime, nach bhfuil aon saill déiríochta ann, a dhéantar de ghnáth as olaí glasraí is bainne bearrtha, agus vitimíní A is D curtha leis. Sna 1860idí d'eiseatocsainigh an ceimicí Francach Hippolyte Mège-Mouriès (1817-1880) codán as saill mairteola ag 30-40 °C ar thug sé oléo-margarine air. Baineadh feidhm as seo in ionad ime go dtí 1903, ach ansin tosaíodh ar phróiseas cruachana olaí glasraí trí hidriginiúchán. Ó shin tá an-chuid forbairtí déanta ar ionadaigh ime, ach fós is ar olaí glasraí nó olaí muirí hidriginithe is mó a bhíonn siad bunaithe. Cinneann céim hidriginithe na bunola cé mhéid de na bunpholaineamhsháitheáin a fhágtar sa mhargairín.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]