Moya Llewelyn Davies

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMoya Llewelyn Davies
Beathaisnéis
Breith25 Márta 1881
An Charraig Dhubh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Meán Fómhair 1943
62 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmaistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileCrompton Llewelyn Davies Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Moya Llewelyn Davies, a rugadh Mary Elizabeth O'Connor (25 Márta 1881 – 28 Meán Fómhair 1943), ina gníomhaí poblachtach Éireannach le linn Chogadh na Saoirse in Éirinn.[1][2][3]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Davies ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1881. Bhí sí ar dhuine de chúigear clainne a bhí ag an James O'Connor, a bhí ina bhall de Chomhairle Uachtarach an IRB agus níos déanaí ina bhFeisire Parlaiminte. Bhí James ina chisteoir ar an IRB in 1870 agus bhí páirt aige sa phlé ar an New Departure, comhoibriú idir náisiúnaithe bunreachtúla agus gluaiseacht na láimhe láidre, sé sin na gluaiseachtaí oscailte agus rúnda. Bhí tamall caite i bpríosún aige mar Fhínín agus tamall eile i gCill Mhaighneann le Parnell.

Bhí John O’Connor, a dheartháir, uncail Moya, ina bhall mór le rá den Ard-Chomhairle.

Tubaiste[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1890, tharla tragóid uafásach sa chlann nuair nach raibh Moya ach naoi mbliana d’aois. Nuair a bhí athair Moya ina iriseoir, fuair máthair Moya Mary O'Connor, agus ceathrar dá deirfiúracha - Annie, Aileen, Kathleen agus Norah - bás tar éis dóibh diúilicíní éillithe a bailíodh ar thrá Bhaile na Manach, Dún Laoghaire. Bhí Moya an-tinn, ach tháinig sí slán as. [4]

Scéal mór nuachta a bhí ann ag an am agus bhí tagairt don eachtra sa leabhar Ulysses, le James Joyce. Tugadh Tragóid Rinn na Mara ar an tubaiste.

Londain agus pósadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a phós an t-athair thar n-ais i 1908 chuaigh Moya chun cónaithe i Londain, tar éis titim amach lena leasmháthair. Fuair sí obair mar státseirbhíseach agus mar urlabhraí íoctha don Pháirtí Liobrálach.

Casadh Crompton Llewelyn Davies uirthi. Bhí post tábhachtach aigesean mar Aturnae-Ginearálta ar Oifig an Phoist agus bhí sé ina chomhairleoir ag Lloyd George. Cé go raibh Llewelyn Davies i bhfad ní ba shine ná í - 28 bliain níos sine ná í - phósadar agus shocraigh sí síos i Londain (agus 28 bliain d'aois di, i bhfad níos mó ná an mheáin dá haois). Bhí beirt pháistí acu: Risteard agus Catherine. [5]

Bhí ceangal liteartha ag Crompton. Ba dheartháir é le Arthur Llewelyn Davies, an fear arbh iad a chlann mhac a thug inspioráid don scríbhneoir JM Barrie dá leabhar Peter Pan.

Cogadh na Saoirse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhailigh Moya airgead le haghaidh cosanta dleathaí Roger Casement agus rinne sí stocaireacht níos déanaí chun an phianbhreith bháis a iomalartú. Moladh í mar dhuine de na 'fond ones' i litir ó Ruari, Ruairí Mac Easmainn, chuig Margaret Gavan Duffy ar an oíche roimh ar an oíche roimh a fhorghníomhú i bpríosún Pentonville, 3 Lúnasa 1916. [6]

Tháinig Davies agus a bheirt pháiste ar ais go Baile Átha Cliath i 1920. Cheannaigh sí teach i gCill Easra i, Furry Park, pálás de theach a bhí ag titim as a chéile ach gar do Bhaile Átha Cliath. Tá sé suite ar an mbóthar go Binn Éadair anois, agus bhí 40 acra leis ag an am.

I rith na mblianta corraitheacha réabhlóideacha seo, chuir Davies aithne ar go leor de na ceannairí, go háirithe Micheál Ó Coileáin. Chomhoibrigh sí le Mícheál Ó Coileáin le linn Chogadh na Saoirse agus bhí a teach i gCluain Tarbh ar cheann den iliomad tithe sábháilte a bhí ag Ó Coileáin agus é ag stiúradh an chogaidh. . Níor chónaigh Crompton i Furry Park ach thugadh sé cuairt ann go minic, le linn 1920-1921;

Deirtear go n-iompraíodh sí gunnaí ina carr, iad faoi cheilt i mála plúir, go Corcaigh agus Tiobraid Árann.[2] Gabhadh Davies agus chaith sí tamall i bpríosún Mhuinseo, idir Márta - Meitheamh 1921. Cuireadh faoi thriail armchúirte í agus díbríodh í. D'fhill sí ar ais go Furry Park nuair a fógraíodh an sos cogaidh cúpla seachtain níos déanaí.[7]

Chaill Crompton a phost mar Aturnae-Ginearálta de dheasca a bhean, ach fuair sé post beagnach láithreach i gcomhlacht príobháideach. Thug Crompton cabhair don Choileánach chun bunreacht a dhréachtadh. Cheap an Dáil é mar eadránaí i Londain agus príomhchigire maidir le cúrsaí talún.

Obair liteartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gur chabhraigh Davies le heagar a chur ar scríbhinn Collins sa leabhar The Path to Freedom agus gur chabhraigh Crompton leis an gCoileánach agus é ag dréachtú bunreachta don stát nua.[8]

Nuair a tháinig Muiris Ó Súilleabháin go Baile Átha Cliath ar dtús, le dul isteach sna Gardaí, ba i Furry Park House, a d’fhan sé agus é in éineacht lena dhlúthchara George Thomson. Chuir Davies go mór le litríocht na Gaeilge le haistriúchán, le George Thomson, ar an leabhar Muiris Ó Súilleabháin Fiche Bliain faoi Bhláth mar Twenty Years a-Flowering. [9] De réir Thomason, "bhí beagán Gaeilge aici sin, ach níor mhór í".[2]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Davies ag cuartú áit ní ba chiúine ná Furry HOuse. Roghnaigh sí teach i gContae Chill Mhantáin agus bhog sí ansin.

Fuair Crompton bás i 1935 agus bhí Davies croíbhriste. Timpeall an ama céanna, chuir De Valera agus an cléiriúlachas sa tír olc uirthi agus d'éirigh sí searbh.[3]

Fuair Davies bás den ailse i gCill Mhantáin ar 28 Meán Fómhair 1943. B’fhiú breis is £14,000 a heastát, suim ollmhór ag an am. Tá sí curtha i nGráinseach an Déin.

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharraing saol Davies conspóid go leor ach níl an taighde a rinneadh faoi sách mionchúiseach is cosúil.[3] Tá sé suntasach nach bhfuil an t-uafás foinsí príomha ann faoi shaol Moya – bhí beathaisnéis idir lámha aici uair amháin ach níor tháinig sé chun solais riamh. Deirtear gur scriosadh a cuid cáipéisí pearsanta tar éis a báis. Ach cén fáth?[1]

Ráflaí faoi chaidreamh seachphósta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí roinnt mhaith díospóireachta faoin gcaidreamh a bhí aici le Micheál Ó Coileáin agus dúradh go mbíodh sí ag déanamh áibhéil faoin scéal tar éis a bháis. Mhaígh Davies gur leannáin í féin agus Ó Coileáin, ach ar an taobh eile, mhaígh an staraí Peter Hart gur stalcaire í. [10]

Dúradh gurbh é Mícheál Ó Coileáin athair a mic Risteard. Séanann an staraí Meda Ryan é seo a rá ""Letters from him and a phonecall confirmed that he was born 24 December 1912, before his mother met Collins." [11]

Deir an staraí Tim Pat Coogan ina leabhar ‘Michael Collins’ gur mhaígh Davies ar an oíche a d’fhoghlaim Ó Coileáin go ndiúltódh Éamon de Valera an Conradh Angla-Éireannach “he was so distressed that I gave myself to him”. Diúltaíonn Coogan a fhoinse a thabhairt uaidh agus sna fonótaí deir sé "Confidential source".. [12]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Mairéad Ní Nuadháin (6 Deireadh Fómhair 2023). "Moya Llewelyn Davies – bean ar leith a bhí i lár an aonaigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-15.
  2. 2.0 2.1 2.2 "DAVIES, Moya Llewelyn (c.1881–1943)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-10-15.
  3. 3.0 3.1 3.2 "Davies, Moya Llewelyn | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-10-15.
  4. MacThomais (2011). “'The Seapoint Tragedy'”. Glasnevin Trust. Dáta rochtana: 31 July 2016.
  5. Llewelyn-Davis (2007). “'The women in Collins's life'”. The Irish Times. Dáta rochtana: 31 July 2016.
  6. Letter to Margaret Gavan Duffy from Roger Casement, 2 August 1916.
  7. Patrick Moylett (16 December 1952). "BUREAU OF MILITARY HISTORY, 1913-21. STATEMENT BY WITNESS DOCUMENT NO. W.S. 767". Bureau of Military History. 
  8. Collins (12 December 2017). “The path to freedom”. Dublin : Talbot Press.
  9. '1904 – Birth of Muiris Ó Súilleabháin on the Great Blasket Island, Co Kerry.'”. Stair na hÉireann – History of Ireland (2016). Dáta rochtana: 31 July 2016.
  10. 'Michael Collins had a stalker'”. Irish Independent (2005). Dáta rochtana: 31 July 2016.
  11. Collins didn't have affair with Lady Lavery: claim - Independent.ie”.
  12. Michael Collins by Tim Pat Coogan page 293