Piet Mondrian
Ainm sa teanga dhúchais | (nl) Pieter Cornelis (Piet) Mondriaan |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (nl) Pieter Cornelis Mondriaan 7 Márta 1872 Amersfoort (an Ísiltír) |
Bás | 1 Feabhra 1944 71 bliana d'aois Nua-Eabhrac, New York |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Niúmóine) |
Áit adhlactha | Cypress Hills Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Acadamh Ríoga na hEalaíne |
Teanga dhúchais | an Ollainnis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Péintéireacht |
Suíomh oibre | Amstardam Laren Winterswijk Domburg Nua-Eabhrac Páras Londain |
Gairm | péintéir, eitseálaí, amharcealaíontóir, maisitheoir, maisitheoir, línitheoir, dearthóir troscáin |
Tréimhse oibre | 1893 – 1944 |
Ball de | |
Seánra | Ealaín theibí, allagóire, ealaín tírdhreacha, fíor, ábhar neamhbheo, portráid agus féinphortráid |
Gluaiseacht | Iarimpriseanachas, De Stijl agus siombalachas |
Catalogue raisonné | Piet Mondrian: Catalogue Raisonné (en) (2018) Piet Mondrian: Catalogue Raisonné (en) (1998) |
Mac/iníon léinn | Agatha Zethraeus. (en) |
Faoi thionchar | |
Teangacha | An Fhraincis agus an Ollainnis |
Ghlac sé/sí páirt i | |
28 Meitheamh 1964 | Documenta III |
11 Iúil 1959 | Documenta II |
16 Iúil 1955 | documenta |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Athair | Pieter Cornelis Mondriaan sr. |
Ealaíontóir agus teoiricí ealaíne, a rugadh in Amersfoort na hOllainne, ab ea Pieter Cornelis Mondriaan nó Piet Mondrian mar ab fhearr aithne air (7 Márta 1872 - 1 Feabhra 1944), ar cheann de na péintéirí is cáiliúla sa 20ú haois agus an-tionchar aige ar na healaíona ar fad.
Le Theo van Doesburg (1883 - 1931) bhunaigh Mondrian an ghluaiseacht san ailtireacht is an phéintéireacht a dtugtar De Stijl uirthi. Glactar leis chomh maith mar cheannaire an Nua-Phlaisteachais.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Mondrian ar dhuine de cheannródaithe na healaíne teibí san fhichiú haois. Chaith sé a shaol ar lorg ‘luachanna uilíocha’, ag gabháil don ealaín fhíorach, agus ansin don ealaín theibí, agus ar deireadh ag gabháil don ealaín a bhí fréamhaithe i ngnéithe simplí geoiméadracha.
Ar an leabhar is cuimsithí ar shaol agus ar shaothar Mondrian tá Piet Mondrian, a Life, le Hans Janssen, nach maireann, arbh iar-choimeádaí ar an Kunstmuseum féin é. Baintear úsáid as ciútaí liteartha sa chur síos ar bheatha Mondrian, cur chuige neamhghnách i réimse na saothar beathaisnéise, ach cur chuige a chuireann go mór leis an saothar seo ar shaol an ealaíontóra neamhghnách a d’fhág a lorg ar an ealaín agus ar an gcultúr san fhichiú haois.[1]
Bailiúchán Mondrian sa Háig
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is sa Kunstmuseum Den Haag atá an bailiúchán is suntasaí de shaothar an ealaíontóra Piet Mondrian, ealaíontóir mór le rá de chuid na hÍsiltíre. Bíonn bailiúchán ealaíne Piet Mondrian ar taispeáint mar chuid den taispeántas leanúnach ‘Mondrian & De Stijl’.[2]
Tá nach mór 300 saothar ealaíne de chuid Mondrian sa mhúsaem. Tá léiriú iomlán ar fhorbairt ealaíne Mondrian, na radharcanna tíre a phéinteáil sé in Amstardam agus Domburg, an ealaín bhun-teibíochta a d’fhorbair sé i bPáras agus in Laren, agus an saothar a tháinig chun cinn i Nua-Eabhrac, an chathair a raibh sé ag cur faoi ann agus an sárshaothar ealaíne deireanach dá chuid, ‘Victory Boogie Woogie’ á dhéanamh aige.[1]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Mondrian gafa le healaín theibí. Tá cáil ar a shaothair dhronlíneacha theibí dhubha is bhána, agus i ndathanna príomhúla eile. Don chuid is mó, tar éis an Chéad Chogadh Domhanda, d’úsáid sé línte díreacha agus na dathanna dearg, gorm, buí, dubh agus bán.[3]
Sna saothair ealaíne is mó cáil de chuid Mondrian is ann do línte dubha agus blocanna bundathanna amháin go príomha, rud a chuireann mearbhall ar dhaoine agus iad ag iarraidh a shaothair ealaíne a mheas, a ionramháil agus a thuiscint.[1]
New York City 1
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Mondrian an pictiúr New York City 1 (1942)[4] agus tá sé ar crochadh sa Kunstsammlung Nordrhein-Westfalen[5] in Dusseldorf sa Ghearmáin. Chruthaigh sé an píosa ealaíne in 1941.
Sa bhliain 2022, chonaic daoine grianghraf den phictiúr seo ó 1945 sa MOMA. Fuarthas amach go raibh an píosa ealaíne ar crochadh bunoscionn (agus ó 1980 ar a laghad). Bhí leagan eile den phictiúr ar crochadh sa Centre Pompidou, "New York City", agus é ina sheasamh i gceart.[6]
Mar bharr ar an donas, ní raibh muintir an ghailearaí in Dusseldorf an pictiúr a athrú ar eagla go ndéanann siad damáiste don ealaín.[7][8][3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá eipeasóid spéisiúil ann ar ‘Composition with Red, Yellow, and Blue’ (1927) ar an bpodchraoladh The Lonely Palette ar fiú cluas éisteachta a thabhairt dó chun eolas a chur ar Mondrian.[9][10]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Oisín Uíbh Eachach (2023-11-29). "An píosa ealaíne a crochadh bunoscionn le 75 bliana" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-12-01.
- ↑ "Mondrian & De Stijl" (en). Kunstmuseum Den Haag (2016-11-16). Dáta rochtana: 2023-12-01.
- ↑ 3.0 3.1 Ollscoil Má Nuad (5 Nollaig 2022). "ELeathanach 426".
- ↑ "New York City (painting)" (as en) (2023-07-10). Wikipedia.
- ↑ "Kunstsammlung Nordrhein-Westfalen" (as en) (2022-11-01). Wikipedia.
- ↑ "New York City" (fr-FR). Centre Pompidou. Dáta rochtana: 2023-11-29.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Piet Mondrian". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 468.
- ↑ "Piet Mondrian artwork displayed upside down for 75 years" (en-GB). BBC News (2022-10-28). Dáta rochtana: 2022-12-05.
- ↑ "Episode 10: Piet Mondrian's Composition with Red, Yellow, and Blue (1927)" (en-US). The Lonely Palette Podcast (2016-10-26). Dáta rochtana: 2023-12-01.
- ↑ "Episode 10: Piet Mondrian's Composition with Red, Yellow, and Blue (1927)" (as en) .