Mearcair (dúil)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachMearcair

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach, miotal agus superconducting element (en) Aistrigh
Mearcair sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachHg
Uimhir adamhach80
Mais adamhach200.592
Cumraíocht leictreon[Xe] 4f¹⁴ 5d¹⁰ 6s²
Peiriad, Grúpapeiread 6
mercury (II) reductase activity (en) Aistrigh
Dúil Ghrúpa 12
tailings (en) Aistrigh
Airíonna fisiceacha
Dlús13.6 kg/m⁻³
Leáphointe−37.89 agus −38.83
Fiuchphointe674.11
Ga ianach1.19, 0.69, 0.96, 1.02 agus 1.14
Stair
EapainmMearcair, uisce agus airgead

Dúil cheimiceach is ea an mearcair nó an t-airgead beo, agus is í an uimhir adamhach atá aige sa tábla peiriadach ná 80. Tá sé 200.59 g/mol ar mheáchan adamhach, agus cuirtear in iúl é sna foirmlí ceimiceacha leis an ngiorrúchán Hg, atá bunaithe ar an bhfocal Laidine hydrargyrum. Is é an mearcair an t-aon mhiotal amháin atá ina leacht le teocht agus brú an tseomra, agus is dúil nimhiúil é nach féidir leis an gcolainn dhaonna aon úsáid ná leas a bhaint aisti. Tá an mearcair in aon ghrúpa leis an tsinc agus an caidmiam i dtábla peiriadach na ndúl.

Tá seacht n-iseatóp nádúrtha ag an mearcair, mar atá, 196Hg (0.15 % de mhearcair an dúlra), 198Hg (9.97 % de mhearcair an dúlra), 199Hg (16.87 %), 200Hg (23.1 %), 201Hg (13.18 %), 202Hg (29.86 % - an t-iseatóp is flúirsí), agus 204Hg (6.87 %).

Tá mearcair ar fáil ar fud an domhain, go háirithe i bhfoirm cionnabair, is é sin, suilfíd mhearcair nó HgS. Cosúil leis na comhdhúile mearcair go léir, is nimh dhainséarach é an cionnabar, ach mar sin féin, baintear úsáid as mar ábhar datha (dathlí) i bhfoirm phúdraithe ar a dtugtar flanndearg. Is féidir leas a bhaint as an miotal féin agus as a chuid comhdhúl ar a lán bealaí eile. Mar sin, úsáidtear mearcair miotalach i dteirmiméadair, i mbaraiméadair, i manaiméadair agus i sfigmeamanaiméadair - is é sin, i ngléasanna a thomhaiseann teocht nó brú. Tugtar malgaim ar chóimhiotail a bhfuil mearcair iontu, agus cuirtear malgam sna fiacla, mar shampla, leis na bearnaí a líonadh. Inniu, áfach, táthar buartha brónach faoi chomh dainséarach is atá an mearcair don duine, agus dá réir sin, táthar ag éirí as úsáid an mhearcair a fhad agus is féidir.

Is dual don mhearcair meascadh tríd na miotail eile agus cóimhiotail - malgaim - a dhéanamh leo. Tá an t-iarann ar an mbeagán miotal nach malgamaítear, agus mar sin, is gnách mearcair a choinneáil i gcoimeádáin iarainn.

Triathmhiotal é an mearcair. Is é sin, ní féidir leis na gnáthaigéid é a chreimeadh. Teastaíonn aigéad nítreach nó sulfarach leis an mearcair a ocsaídiú.

Tá dhá uimhir ocsaídiúcháin ag an mearcair, mar atá, +1 (na comhdhúile mearcarúla) agus +2 (na comhdhúile mearcaracha). Sa chuid is mó de na comhdhúile mearcarúla tá nasc comhfhiúsach idir an dá adamh mearcair, agus mar sin, is é an t-ainian atá iontu ná Hg+-Hg+. Is é an calaiméal - an chlóiríd mhearcarúil - Hg2Cl2, nó HgCl - an ceann is tábhachtaí de na comhdhúile mearcarúla.

Maidir leis na comhdhúile mearcaracha, is í an chlóiríd mhearcarach HgCl2 an ceann is tábhachtaí acu. Sna laethanta a bhí ba nós í a úsáid mar leigheas ar an tsifilis, ach nuair a tháinig na hantaibheathaigh ar an bhfód, d'éirigh na dochtúirí as an mearcair mar chógas, ós rud é gur nimh láidir atá ann.

An Meitilmhearcair agus Galar Minamata[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé de chlaonadh sa mhearcair iain mheitilmhearcair [CH3Hg]+ a dhéanamh sa dúlra, ós toradh é an meitilmhearcair do na himoibriúcháin a bhíonn ag an mearcair faoi thionchar na miocrób nádúrtha. Tá an logainm Seapánach úd Minamata dlúthbhainteach leis an meitilmhearcair, nó sa bhliain 1956 tháinig chun solais go raibh an comhlacht áitiúil ceimice Chisso-Minamata ag scaoileadh fuíolluisce a bhí truaillithe le mearcair le fiche bliain anuas. An galar ba thoradh don truailliú seo, mar atá. galar Minamatadamhsa an chait (toisc go raibh an truailliú le haithint ar iompraíocht na n-ainmhithe féin), tholg muintir na háite é ó na héisc, ós cuid thábhachtach é an t-iasc de bhia na Seapánach. Mhair Chisso-Minamata ag truailliú na mara ar feadh na mblianta fada, agus d'fhág an truailliú na mílte daoine easlán mura bhfuair siad bás scun scan. Chuaigh grianghrafanna d'iarmharáin an ghalair ar fud an domhain, ach níor admhaigh rialtas na Seapáine go raibh a leithéid de ghalar ann ach sa bhliain 1968. B'éigean do na hiarmharáin dul ag agóid agus brú a chur ar an rialtas agus ar Chisso-Minamata araon leis an admháil seo féin a bhaint amach.

Mearcair leachtach ag teocht an tseomra

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]