Mary Wollstonecraft
Ba scríbhneoir as Londain, Sasana í Mary Wollstonecraft (27 Aibreán 1759 - 10 Meán Fómhair 1797) ag deireadh an 18ú haois. Feimineach neamhleithscéalach ab ea í. Tá clú an fheiminigh uirthi inniu ach bhí a cáil amuigh mar bhean de chineál eile ar fad ag an am.
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar feadh 1786-1787, bhí Wollstonecraft ina cónaí i mBaile Átha Cliath (15 Cearnóg Mhuirfean) ar feadh tamaill[1] agus chaith sí seal ag obair i gCaisleán Bhaile Mhistéala. D'éirigh sí ina réabhlóidí ag an am sin, is cosúil.[2] Chinn sí bheith ina údar agus bhog sí go dtí Londain, agus ansin Páras.
Feimineachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Wollstonecraft an-tógtha leis an bhfeimineachas roimh ré. Scríobh sí an leabhar clúiteach faoi chearta na mban, A Vindication of the Rights of Woman, i 1792.[3][4] B'ait le daoine feimineach ag an am, fiú sa Fhrainc.
Réabhlóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh Wollstonecraft an leabhar, An Historical and Moral View of the French Revolution, i bPáras.
Bás agus oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níor chaith Wollstonecraft ach 9 mbliana ag scríobh.
Agus í ag tabhairt linbh ar an saol, fuair Wollstonecraft bás coicís níos déanaí. Saolaíodh iníon di, Mary Wollstonecraft Shelley, údar Frankenstein.
Is de shuimiúlacht gurbh í Mary Wollstonecraft is géire a shonraigh an ceangal idir sclábhaíocht na mban agus sclábhaíocht na tíre faoi rí uilechumhachtach, ach gurb iad na mná is túisce a íslíonn agus a tháiríonn iad féin i láthair na mórgachta ríoga, a scríobh Alan Titley.[5]
Meatacht intleachtúil a thug a fear céile William Godwin ar an lúitéis náireach seo, nuair a d'fhoilsigh sé beathaisnéis faoi Wollstonecraft, Memoirs of the Author of A Vindication of the Rights of Woman (1798).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Eamon Ryan (15/2/2017). "US Executive Order on Immigration:...: 15 Feb 2017: Dáil debates (KildareStreet.com)". www.kildarestreet.com. Dáta rochtana: 2021-09-10.
- ↑ WOLLSTONECRAFT’S EXPERIENCES IN IRELAND HELPED INFORM HER RADICAL CLASS AND GENDER ANALYSES http://www.historyireland.com/volume-24/from-the-education-of-daughters-to-the-rights-of-woman-mary-wollstonecraft-in-ireland-1786-7/
- ↑ "Rights of Man" (as en) (2021-08-22). Wikipedia.
- ↑ D'fhoilsigh Thomas Payne the 'Rights_of_Man' sa bhliain 1791
- ↑ Alan Titley (2003). "Sasanaigh mhaithe" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-09-10.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |