Maol Bhreasail mac Ailealla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaol Bhreasail mac Ailealla
Beathaisnéis
Bás825 (Féilire Ghréagóra)
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata

Rí Ulad de chlann Uí Eachach Chobha, géag de Dhál Araí, ba ea Maol Bhreasail mac Ailealla (Sean-Ghaeilge Máel Bressail mac Ailello) (bás 825). Bhí sé i réim ón mbliain 819 go dtí 825.

Ba é an chéad duine de chlann Uí Eachach Chobha dá ndearnadh rí Ulad de, óna shin-sin-seanathair, Fearghas mac Aodháin (bás 692).[1] Bhí a athair Ailill mac Feidlimí (bás 761) agus a dheartháir Eocha (bás 801) beirt ina ríthe Chobha roimhe. Ní fios go cruinn cathain ar tháinig sé i gcoróin, cé go bhfeictear é tar éis a dhearthár i nAnnála Uladh. Maraíodh iad a athair agus a dheartháir beirt ag troid in éadan Dál Fhiatach.

Sa bhliain 819, d'éirigh le Maol Bhreasail ríogacht Ulad. Sna ríliostaí mar shampla sa Leabhar Laighneach ní thugtar ach réimeas dhá bhliain dó. Ina thásc i nAnnála Uladh, ní thugtar an teideal rí Ulad dó well do not give him the title King of Ulaid at his death notice,[2] claonta mar atá i dtreo Dhál Fhiatach mar "fíor"-Ulaid.[3]

Tharlaíodh go minic ruathair Lochlannacha ar na hUlaid ag an am seo, agus rinneadh ionsaithe faoi dhó ar mhainistir Beannchair, sna blianta 823 agus 824.[4][5]

Rí Chobha fosta ba ea a mac, Cearnach (bás 853).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, Imleabhar 1, Oxford: Oxford University Press

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 7
  2. Annála Uladh, AU 825.6
  3. Byrne, lch. 108
  4. AU 823.8, 824.2
  5. Byrne, A New History of Ireland, lch. 610