Córas teileachumarsáide is rianaithe de chuid NASA chun spásárthaigh idirphláinéadacha a stiúradh. Tá stáisiúin ag áiteanna atá scaipthe go maith thar dhromchla an Domhain (Goldstone California, Canberrana hAstráile, is Maidridna Spáinne) chun gur féidir cumarsáid leanúnach a choinneáil le cuid ar bith den Ghrianchóras. I ngach stáisiún tá aeróg amháin 70 m ar trastomhas agus dhá aeróg 34 m ar trastomhas atá in ann teileachumarsáid chomhuaineach sa dá threo a dhéanamh le spásárthach chomh fada amach le fithis Neiptiúin.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol a bhaineann leis an spáis nó spáseitilt é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.