Jump to content

Aeróg (leictreonaic)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aeróga

Feiste slat nó sreang a ionramhálann comharthaí raidió, teileafóin nó teilifíse is ea aeróg.[1]

Sa leictreonaic, comhbhall i gcóras raidió, teilifíse nó teileafóin lenar féidir na comharthaí leictreamaighnéadacha a tharchur san aer nó a ghlacadh ón aer.

I gcórais ardmhinicíochta bíonn comhbhaill chomhlánacha breise sa chóras, mar atá, frithchaiteoirí is dírtheoirí a chuireann le héifeacht is treo-aimsitheacht na haeróige.[2]

  1. "An Foclóir Beag: aeróg" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2025-09-03.
  2. Hussey, Matt (2011). "Aeróg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 13.