Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJosie Sheáin Jeaic Mac Donncha
Beathaisnéis
Breith1943
An Aird Thiar, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Meán Fómhair 2017
73/74 bliana d'aois
Áit adhlacthaMaíros Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Gradam a fuarthas

Spotify: 0wYoSEyX0yhssGKCzrCjUB iTunes: 306727648 Discogs: 6277194 Cuir in eagar ar Wikidata

Duine de mhóramhránaithe sean-nóis na hÉireann ab ea Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha, a rugadh Seosamh Mac Donncha (mí Lúnasa 1943 - 9 Meán Fómhair 2017).[1] Saineolaí, ní hamháin ar an traidisiúin amhránaíochta ach ar gach gné d’oidhreacht, de sheanchas agus de stair a cheantair dhúchais Ghaeltachta.[2][3][4]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Carna

Ba as an Aird Thiar, cúpla míle siar ó shráidbhaile Charna féin, do Josie Sheáin Jeaic.[5] Duine de cheathrar mac a bhí ag Máire Chathail (Ní Uaithnín) (1908–1985), a mháthair, agus Seán Jeaic Mac Donncha (1904–1986), a athair. Is óna athair Seán Jeaic a fuair sé a chuid amhrán i dtosach.[6] Tháinig Alan Lomax chuige in 1951 le hamhráin a fháil uaidh agus is léir gur thuig sé go raibh cáilíocht speisialta ag baint le léiriú an dúchais san áit de bharr na teagmhála sin.[7]

Iascaire ab ea Josie. Bádh a dheartháir, Johnny Sheáin Jeaic, ar Chuan na Gaillimhe sa bhliain 2009. Tháinig Josie slán as an tubaiste sin inar bádh a  dheartháir.[8]

Cuan na Gaillimhe

Amhránaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh Josie Sheáin Jeaic Corn Uí Riada, príomhghradam an tsean-nóis trí bhabhta – i 1971, 1978 agus 1982.

Thug Josie turais ar Albain mar chuid de Chuairt na bhFilí agus ar Shasana le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. I 1976 bhí sé ar dhuine de bhuíon ceoltóirí Éireannacha a thug turas ar an Libia.

Ceapadh ina amhránaí cónaithe é in Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2003-2004. Bhronn an Ollscoil chéanna máistreacht oinigh air sa bhliain 2012.

Bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life ar Josie Sheáin Jeaic ag ócáid i gClub na Múinteoirí ar an 1 Aibreán. Ach bhí an tinneas a thug a bhás ag treisiú taca an ama sin.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Josie Sheáin Jeaic - Ó na Sceirdí Aniar (Gael Linn, 1987).[9]
  • Josie Sheáin Jeaic - Connemara Sean-Nós, (Cinq planètes, 2000) ASIN : B002Y7OWT2[10]
  • TG4[11]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. musicjinni. "Tá an t-amhránaí clúiteach sean-nóis ó Charna, Josie Sheáin Jeaic Mac Donnacha tar éis bháis. | Music Jinni" (us). musicjinni. Dáta rochtana: 2020-09-09.
  2. "Duine de mháistrí an tsean-nóis ar shlí na fírinne agus Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha tar éis bháis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-09-09.
  3. "Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha and Danny O’Mahony in Carna" (en). The Journal of Music. Dáta rochtana: 2020-09-09.
  4. Max Spiegel. "2017 Obit: Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha". mudcat.org. Dáta rochtana: 2020-09-09.[nasc briste go buan]
  5. Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9. 
  6. 6.0 6.1 "Sean-Nós Cois Life. Gradam Shean-Nós Cois Life 2012". www.seannos.ie. Dáta rochtana: 2020-09-09.
  7. "MAC DONNCHA, Josie Sheáin Jeaic (1943–2017)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-09-09.
  8. "Na seolta íslithe ar chuan na hAirde do Josie Sheáin Jeaic" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-09-09.
  9. "Ó Na Sceirdí Aniar by Seosamh Mac Donncha & Marcus Ó hIarnáin on Amazon Music - Amazon.co.uk". www.amazon.co.uk. Dáta rochtana: 2020-09-09.
  10. Josie Sheáin Jeaic (2000). "Sean-Nós". www.amazon.com. Dáta rochtana: 2020-09-09.
  11. "TG4 Sean Nós". seannos.tg4.ie. Dáta rochtana: 2020-09-09.