An Aird Thiar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Aird Thiar

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°19′23″N 9°52′39″W / 53.323052°N 9.877609°W / 53.323052; -9.877609
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie18252

Baile fearainn in Iorras Aithneach, Contae na Gaillimhe is ea An Aird Thiar[1], cúpla míle siar ó shráidbhaile Charna.

Tá traidisiún amhránaíochta sean-nóis an-láidir sa gceantar, agus is as an Aird Thiar beirt de mhóramhránaithe sean-nóis na 20ú haoise, Seán 'ac Dhonncha (“Johnny Joe Pheaitsín”, 1919–1996) agus Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha (1943–2017).

Cé na hAirde Thiar

Tá scoil náisiúnta ann (Scoil na hAirde Thiar)[2] agus cé chloiche ar an taobh thoir den bhaile fearainn a tógadh thart ar 1895.[3] I ngar don phointe is faide ó dheas sa mbaile fearainn, tá tobar beannaithe darb ainm Tobar Cholm Cille ann, in aice le góilín beag a dtugtar Béal an Chalaidh air. Deirtear go mbíodh claibín cloiche mar chlúdach ar an tobar lá den saol, agus dá gcaithfí san fharraige é, d'fhillfeadh sé as a stuaim féin.[4]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. An Aird Thiar/Ard West | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Gaeloideachas — Scoil na hÁirde Thiar".
  3. "Ard West Quay, ARDWEST, GALWAY".
  4. Tim Robinson (1985). "Mapping South Connemara: Parts 1-29 Cashel, Carna, Cill Chiaráin" (as Béarla). Folding Landscapes.