Seán 'ac Dhonncha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán 'ac Dhonncha
Beathaisnéis
Breith2 Deireadh Fómhair 1919
An Aird Thiar, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Nollaig 1996
77 bliana d'aois
Áit adhlacthaÁth Eascrach Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Droim Conrach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
TeangachaAn Ghaeilge
UirlisCeol gutha

Musicbrainz: 7f283195-1fc8-4010-be8e-dc588fe6f4f1 Cuir in eagar ar Wikidata

Amhránaí sean-nóis Éireannach ab ea Seán 'ac Dhonncha (nó Seán 'ac onna, Johnny Joe Pheaitsín, 2 Deireadh Fómhair 1919 – 14 Nollaig 1996).[1]

Rugadh Seán san Aird Thiar,[2] i gCarna, Co. na Gaillimhe sa bhliain 1919. B'iascaire é a athair, Joe Phádraig Sheáin Fhéilim Mac Donncha, fear a bhí an-tógtha leis an gceol agus leis an amhránaíocht. Bhí Seán ar comhaois le Seosamh Ó hÉanaí agus bhí siad ina gcairde ar scoil. Ghnóthaigh Seán scoláireacht chun Coláiste Chaoimhín i mBaile Átha Cliath agus cháiligh sé mar bhunmhúinteoir sa bhliain 1940.[1] Mhúin sé i gContae an Chabháin ó 1947, agus ina dhiaidh sin chaith sé cúig bliana is fiche ina phríomhoide ar scoil náisiúnta Áth Eascrach.

Ba é an chéad amhránaí sean-nóis a thaifead le Gael Linn. Ghnóthaigh sé bonn óir ag Oireachtas 1953, agus bronnadh Gradam Shean-nós Cois Life air sa bhliain 1995. Sa bhliain 1971, d’eisigh Claddagh Records An Aill Báin: Songs in Irish and English from Connemara. Sa bhliain 1994, chuir Cló Iar-Chonnacht dlúthdhiosca amach dá chuid amhrán i nGaeilge agus i mBéarla dar teideal Seán ‘ac Dhonncha: An Spailpín Fánach.

Phós sé Bríd Ní Eidhin sa bhliain 1956, agus bhí cúigear clainne acu: Féilim, Páraic, MacDara, Seán, agus Sinéad.[3]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "MAC DONNCHA, Seán (1919–1996) — ainm.ie".
  2. Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9. 
  3. "Beatha Sheáin". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-06-19. Dáta rochtana: 2022-06-19.