Joachim Lelewel
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 22 Márta 1786 Vársá |
Bás | 29 Bealtaine 1861 75 bliana d'aois Páras (an Fhrainc) |
Áit adhlactha | Rasos Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Imperial University of Vilna (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Stair na Polainne, moneolaíocht, stair, An Léann Slavach, bibleagrafaíocht, auxiliary science of history (en) agus polaitíocht |
Gairm | historian of cartography (en) , múinteoir ollscoile, staraí, slavist (en) , scríbhneoir, moneolaí, polaiteoir, araltach, bibleagrafaí |
Fostóir | Imperial University of Vilna (en) Ollscoil Vársá Université libre de Bruxelles Ollscoil Vilnias |
Ball de | |
Teangacha | An Pholainnis agus an Fhraincis |
Teaghlach | |
Teaghlach | Lölhöffel von Löwensprung (en) |
Athair | Karol Maurycy Lelewel |
Siblín | Prot Adam Lelewel |
Staraí náisiúnaíoch Polannach ab ea Joachim Lelewel (rugadh é i Vársá ar an 22 Márta 1786 agus fuair sé bás i bPáras ar an 29 Bealtaine 1861), agus dlúthbhaint aige le gluaiseacht an Rómánsachais sa Pholainn. Scríobh sé lear mór leabhar staire, go háirithe faoi stair na Polainne.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé gur náisiúnaí Polannach a bhí ann, ba Ghearmánaigh Phrúiseacha a shinsir, agus an sloinne sin féin Lelewel bunaithe ar von Löwensprung. B'í máthair mhór an staraí, Konstanze von Löwensprung née Jauch, a d'athraigh an sloinne ó Löwensprung go Lelewel.
Fuair Lelewel a chuid oideachais in Ollscoil Vilnias, a bhí ina lárionad tábhachtach ag na náisiúnaithe Polannacha san am. B'ansin a thosaigh sé ag léachtóireacht nuair a bhí a chéim bainte amach aige.
Chaith Lelewel trí bliana i Vársá (1818-1821), áit a raibh sé ina bhall de Chumann Chairde an Léinn (Towarzystwo Przyjaciół Nauk, TPN).
Sa bhliain 1824, bhain na Rúisigh a oifig de, ó bhí siad den tuairim go raibh sé ina réabhlóidí dainséarach. D'fhill sé go Vársá, áit ar toghadh ina Fheisire é sa bhliain 1829.
Bhí Lelewel páirteach in Éirí Amach na Samhna sa bhliain 1830, agus nuair a chloígh na Rúisigh an cheannairc, chuaigh sé ar deoraíocht go dtí an Fhrainc. Sa bhliain 1833, chuir na húdaráis Fhrancacha d'fhiachaibh air glanadh leis as an tír, agus ansin, shocraigh sé síos sa Bhruiséil. B'ansin a chaith sé an chuid eile dá shaol, cé gur éag sé i bPáras.