Joachim Lelewel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJoachim Lelewel

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Márta 1786
Vársá Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Bealtaine 1861
75 bliana d'aois
Páras (an Fhrainc)
Áit adhlacthaRasos Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síImperial University of Vilna (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreStair na Polainne, moneolaíocht, stair, An Léann Slavach, bibleagrafaíocht, auxiliary science of history (en) Aistrigh agus polaitíocht
Gairmhistorian of cartography (en) Aistrigh, múinteoir ollscoile, staraí, slavist (en) Aistrigh, scríbhneoir, moneolaí, polaiteoir, araltach, bibleagrafaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirImperial University of Vilna (en) Aistrigh
Ollscoil Vársá
Université libre de Bruxelles
Ollscoil Vilnias Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Pholainnis agus an Fhraincis
Teaghlach
TeaghlachLölhöffel von Löwensprung (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairKarol Maurycy Lelewel
SiblínProt Adam Lelewel
Síniú

Discogs: 4595737 Find a Grave: 16258225 Cuir in eagar ar Wikidata

Staraí náisiúnaíoch Polannach ab ea Joachim Lelewel (rugadh é i Vársá ar an 22 Márta 1786 agus fuair sé bás i bPáras ar an 29 Bealtaine 1861), agus dlúthbhaint aige le gluaiseacht an Rómánsachais sa Pholainn. Scríobh sé lear mór leabhar staire, go háirithe faoi stair na Polainne.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur náisiúnaí Polannach a bhí ann, ba Ghearmánaigh Phrúiseacha a shinsir, agus an sloinne sin féin Lelewel bunaithe ar von Löwensprung. B'í máthair mhór an staraí, Konstanze von Löwensprung née Jauch, a d'athraigh an sloinne ó Löwensprung go Lelewel.

Fuair Lelewel a chuid oideachais in Ollscoil Vilnias, a bhí ina lárionad tábhachtach ag na náisiúnaithe Polannacha san am. B'ansin a thosaigh sé ag léachtóireacht nuair a bhí a chéim bainte amach aige.

Chaith Lelewel trí bliana i Vársá (1818-1821), áit a raibh sé ina bhall de Chumann Chairde an Léinn (Towarzystwo Przyjaciół Nauk, TPN).

Sa bhliain 1824, bhain na Rúisigh a oifig de, ó bhí siad den tuairim go raibh sé ina réabhlóidí dainséarach. D'fhill sé go Vársá, áit ar toghadh ina Fheisire é sa bhliain 1829.

Bhí Lelewel páirteach in Éirí Amach na Samhna sa bhliain 1830, agus nuair a chloígh na Rúisigh an cheannairc, chuaigh sé ar deoraíocht go dtí an Fhrainc. Sa bhliain 1833, chuir na húdaráis Fhrancacha d'fhiachaibh air glanadh leis as an tír, agus ansin, shocraigh sé síos sa Bhruiséil. B'ansin a chaith sé an chuid eile dá shaol, cé gur éag sé i bPáras.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]