Jump to content

Jennie Wyse Power

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Jenny Wyse Power)
Infotaula de personaJennie Wyse Power

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Bealtaine 1858
Bealach Conglais, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Eanáir 1941
82 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisGalar
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
6 Nollaig 1934 – 19 Bealtaine 1936
Téarma parlaiminte: 1ú suí de Sheanad Éireann

Seanadóir na hÉireann
11 Meán Fómhair 1922 – 6 Nollaig 1934
Téarma parlaiminte: 1ú suí de Sheanad Éireann

Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, gníomhaí ar son cearta vótála, sufraigéid Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileJohn Wyse Power Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteNancy Wyse Power, Máire Wyse Power, luach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata

Ba ghníomhaí, feimineach, polaiteoir agus bean ghnó Éireannach í Jennie Wyse Power (née Jane O'Toole; 1 Bealtaine 1858 – 5 Eanáir 1941).[1][2] Bhí sí gníomhach ar son cearta na mban agus saoirse na tíre le linn a saoil. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na mBan, chaith sí seal sa Seanad agus throid sí i gcónaí i gcoinne aon leithcheal ar bhonn inscne.[3]

1920
Sinn Féin, Ard Fheis BÁC, 21 Feabhra 1922

Rugadh Power í gCill Mhantáin sa bhliain 1858.

Bhí sí ina ball de Chonradh na Talún, agus d'éirigh sí mór le Anna Parnell. Thacaigh sí le Charles Parnell, agus phós sí duine eile dá lucht leanúna, John Wyse Power i 1883. Bhí a fear céile duine den seachtar a bhunaigh Cumann Lúthchleas Gael Lá Samhna 1884.

Bhí ceathrar clainne orthu (Catherine (1885, a d'éag ina naíonán), Máire (1887), Anne nó 'Nancy'/'Neans (1889);, agus 'Charles Stewart' (1892)). Bhí cónaí ar an gclann i gCill Dara agus ansin i mBaile Átha Cliath.

Ó 1880 amach bhí baint ag Jennie le gach cumann náisiúnta a raibh cead ballraíochta ann ag mná.[1] Chabhraigh Wyse Power le bunú Inghinidhe na hÉireann in 1900. Bhí sí ar bhaill bhunaidh de Chumann na mBan in 1914, agus bhí sí ar choiste gnó Shinn Féin ó 1908-1911.  Ba sufraigéid í freisin, agus bhí sí mór le Hanna Sheehy-Skeffington, agus ina ball den Irish Women’s Franchise League.

Bhí siopa aici ar Shráid Anraí darbh ainm The Irish Farm and Produce Company, a d'oscail i 1889. Síníodh Forógra na Cásca 1916 sa siopa seo. Bhí bialann mar chuid den ghnó agus b'é a bialann a chur bia ar fáil dóibh siúd in Ard Oifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca.

Ba í an t-aon bhall sinsearach de Chumann na mBan a thacaigh leis an gConradh Angla-Éireannach i 1921.

Thacaigh sí ar dtús le Cumann na nGaedhal, agus ceapadh í mar seanadóir i 1922. Cé gurbh é WT Mac Coscair a cheap í, bhí sí ina Seanadóir neamhspleách i gcónaí. Is le Fianna Fáil is mó a bhíodh sí ag tacú tar éis dóibh glacadh lena suíocháin agus cheangail sí leis an bpáirtí sin sa deireadh. Thogh an Dáil í ar feadh téarma breise i 1934.[1]

Fuair sí bás i 1941, agus cuireadh í i Reilig Glas Naíon.

Chaith an chlann a laethanta saoire gach bliain sa Rinn agus Gaeltacht na nDéise. Bhí baint ag na Paoraigh le forbairt na Rinne ó thosach. Bhí Jennie Wyse Power, agus níos déanaí a iníon Neans, ina scairshealbhóirí i gColáiste na Rinne.

Glacadh le Jennie Wyse Power mar bhall d’Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge i Samhain 1900 agus bhí sí i bhfeighil na lónadóireachta ag Oireachtas 1902.[1]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “POWER, Jennie Wyse (?1862–1941) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. dib.ie. "Power, Jennie Wyse". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2025-01-05.
  3. Máire Ní Fhinneadha (8 Márta 2023). "Mná sa saol poiblí á gcomóradh ar stampaí do Lá Idirnáisiúnta na mBan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-03.
  4. "A Wyse Woman" (en). West Wicklow Bookshelf (2010-05-29). Dáta rochtana: 2025-01-05.