Jump to content

Jean-Marie Le Pen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Jean Marie Le Pen)
Infotaula de personaJean-Marie Le Pen

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Meitheamh 1928
La Trinité-sur-Mer, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Eanáir 2025
96 bliana d'aois
Garches, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Cliseadh croí)
Áit adhlacthaLa Trinite-Sur-Mer cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Front national

1 Iúil 2014 – 1 Iúil 2019
Téarma parlaiminte: Ochtú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: South-East France (en) Aistrigh

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Front national

14 Iúil 2009 – 30 Meitheamh 2014
Téarma parlaiminte: Seachtú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: South-East France (en) Aistrigh

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Front national

20 Iúil 2004 – 13 Iúil 2009
Téarma parlaiminte: Séú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: South-East France (en) Aistrigh

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Front national

20 Iúil 1999 – 10 Aibreán 2003
Téarma parlaiminte: Cúigiú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: An Fhrainc

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Front national

19 Iúil 1994 – 19 Iúil 1999
Téarma parlaiminte: Ceathrú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: An Fhrainc

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Front national

25 Iúil 1989 – 18 Iúil 1994
Téarma parlaiminte: Tríú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: An Fhrainc

Ball de Thionól Náisiúnta na Fraince
2 Aibreán 1986 – 14 Bealtaine 1988

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Front national

24 Iúil 1984 – 24 Iúil 1989
Téarma parlaiminte: Dara Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: An Fhrainc

Seanadóir pobail
8 Iúil 1959 – 16 Márta 1961
Ball de Thionól Náisiúnta na Fraince
9 Nollaig 1958 – 9 Deireadh Fómhair 1962

Uachtarán Association corporative des étudiants en droit (en) Aistrigh
1949 – 1951 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteLe Menhir Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaPoujadisme (en) Aistrigh, náisiúnachas agus frithchumannachas
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síDámh an Dlí, Páras
Ollscoil Panthéon-Assas - eolaíocht pholaitiúil, dlí (–1971) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheSaint-Cloud
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaComités Jeanne (2015–)
Front national (1972–2015)
Front national pour l'Algérie française Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Fhraincis
Gairm mhíleata
Céim mhíleatamarshall lieutenant (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCogadh Saoirse na hAilgéire, An Chéad Chogadh Ind-Síneach agus Géarchéim Shuais
Ghlac sé/sí páirt i
2018fête de la Courtoisie (en) Aistrigh
2016Journée nationale et identitaire (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Eile
TeaghlachLe Pen family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéilePierrette Lalanne (1960–1987), colscaradh
Jany Le Pen (1991–2025), bás Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMarine Le Pen
 ( Pierrette Lalanne)
Marie-Caroline Le Pen
 ( Pierrette Lalanne)
Yann Le Pen
 ( Pierrette Lalanne) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJean Le Pen  agus Anne Hervé
Duine muintearthaPhilippe Olivier (mac cleamhnais)
Marion Maréchal (gariníon) Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh iionsaí (2000)
→ Deireadh: 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Páipéir Phanama Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáinjeanmarielepen.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0494520 Allocine: 36432 Allmovie: an1527136 TMDB.org: 1525945
Facebook: JMLP.officiel X: lepenjm Instagram: jeanmarielepenofficiel Youtube: UCpiRUwO-qgZy8NyLJXi8W-A Last fm: Jean-Marie+Le+Pen Musicbrainz: ccac78a2-94de-42a2-945a-dfb9927b4a50 Discogs: 1008805 Goodreads author: 16549379 Find a Grave: 277984923 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba pholaiteoir Francach agus pobalóir é Jean Marie Le Pen (20 Lúnasa 1928 a rugadh é i dTrinité-sur-Mer sa Bhriotáin agus fuair sé bás ar an 7 Eanáir 2025). Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an pháirtí Front National sa Fhrainc sa bhliain 1972, páirtí atá go mór ar an eite dheis.[1] Tá a iníon Marine Le Pen ina ceannaire ar an bpáirtí ón mbliain 2011 (athainmníodh an páirtí mar Rassemblement National, nó an RN, sa bhliain 2018). Cur in aghaidh na hinimirce is ea cuid mhaith de shaothar an FN nó an RN agus Jean-Marie Le Pen.

Le Pen agus a dara bhean, Jany, in 2004
Físeán - bhí sé 16 bliain d'aois nuair a bhí caidreamh collaí aige le bean don chéad uair (2018)
Gafa le cúraimí teaghlaigh ó na 1970idíː Jean-Marie Le Pen agus a iníon, Marine, teaghlach mór le rá sa pholaitíocht,

Bhí Jean Marie Le Pen san iomaíocht cúig uaire i dtoghchán uachtaránachta na Fraince. Bhain sé an dara háit amach sa chéad bhabhta vótála sa bhliain 2002. Ach bhí bua éasca ag Jacques Chirac sa dara babhta vótála. D’áitigh Chirac ar vótálaithe a raibh an ghráin acu air vótáil ar a shon d’fhonn iarrthóir an Front National a shárú.

Bhí Le Pen ag iarraidh an pobal a ghríosú go minic, agus tharraing sé conspóid ollmhór. Mar shampla, sa bhliain 1998, dúirt Le Pen, gur eachtrannaigh iad leithéidí  Zinedine Zidane, an peileadóir, nach gcasfadh an Marseillaise (tá cúlra Ailgéarach ag Zidane ach rugadh agus tógadh sa bhFrainc é).[2] Chreid go leor go mbeadh an fhoireann sacair agus a ngaisce i gCorn an Domhain 1998 - agus 2018 níos déanaí - mar ugach, ardú croí agus malairt bhisigh don tír ar fad.

Dhíbir iníon Marine Le Pen a hathair ón ngluaiseacht sa bhliain 2015.[3] Ag dul anonn in aois, ba mhó dochar ná maitheas a bhí an fear a dhéanamh don pháirtí. Bhí a iníon ag iarraidh éalú ó scamall an fhaisisteachais ag an am, rud a luaigh an lucht oibre traidisiúnta go láidir léi. Chuaigh sí as a bealach le hidirdhealú a dhéanamh idir í féin agus a hathair agus bhí droim láimhe tugtha aici leis an gCaitliceachas coimeádach a bhíodh i gcónaí sa treis ag an eite dheis.[4]

Chuaigh Jean-Marie Le Pen ar shlí na fírinne ar an 7 Eanáir 2025; bhí sé sé bliana déag is ceithre scor d’aois.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. RnaG (2025-01-08). "John Maguire, iriseoir i bPáras." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-01-08.
  2. Máirín Ní Ghadhra (19 Iúil 2018). "Liberté, égalité, Mbappé! An bhfíorófar aisling nua na Fraince?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-08.
  3. Cathal Mac Coille (23 Aibreán 2022). "Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an lá le Macron in aghaidh Le Pen" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-08.
  4. Eoin Ó Murchú (13 Feabhra 2017). "Le Pen ag bagairt ar an Aontas Eorpach go fóill" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-08.