Zinedine Zidane
Iar-imreoir sacair is ea Zinedine Yazid Zidane (rugadh i Marseille, an Fhrainc ar 23 Meitheamh, 1972). Bhíodh Zidane, nó Zizou, ag imirt le foireann náisiúnta na Fraince, agus an club mór Real Madrid sa Spáinn.
Tá cúlra Ailgéarach ag Zidane ach rugadh agus tógadh sa bhFrainc é (tháinig a mhuintir chun na Fraince sular thosaigh an cogadh ar son neamhspleáchais san Ailgéir i 1954). Chreid go leor go mbeadh an fhoireann sacair agus a ngaisce i gCorn an Domhain 1998 mar ugach, ardú croí agus malairt bhisigh don tír ar fad. Ach bhí an pobalóir Jean-Marie Le Pen ag iarraidh an pobal a ghríosú, agus tharraing sé conspóid ollmhór. nuair a dúirt sé gur eachtrannaigh iad leithéidí Zidane nach gcasfadh an Marseillaise (rud nach raibh fíor).[1]
D'éirigh Zidane as imirt an spóirt tar éis Chorn Domhanda 2006, a bhí ar siúl sa Ghearmáin. Cuireadh den pháirc é i gcluiche ceannais an Chorn Domhanda tar éis dó Marco Matarazzi a ionsaí lena chloigeann. Thosaigh sé, áfach, ag obair mar thraenálaí le Real Madrid, ar dtús mar thraenálaí cúnta, ansin mar thraenálaí Real Madrid Castilla, agus ag toiseacht sa bhliain 2016 mar phríomh-thraenálaí Real Madrid.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Máirín Ní Ghadhra (19 Iúil 2018). "Liberté, égalité, Mbappé! An bhfíorófar aisling nua na Fraince?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-08.
Déileálann an síol seo le imreoirí sacair na Fraince. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |