Henry Cavendish

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí is ceimicí Sasanach a rugadh i Nice na Fraince ab ea Henry Cavendish (1731-1810). Rinne sé taighde bunúsach ar imtharraingt is dlús an Domhain, saintoilleadh teirmeach ábhar, indóiteacht hidrigine (aer inlasta a thugtaí uirthi sin ag an am), comhdhéanamh aeir, agus leictreachas.