Hannah Arendt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHannah Arendt

(1958) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Johanna Arendt
14 Deireadh Fómhair 1906
Lindener Marktplatz 2, Hannover (Impireacht na Gearmáine)
Bás4 Nollaig 1975
69 bliana d'aois
Upper West Side, New York (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaBard College Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Giúdachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Heidelberg - dochtúireacht
Ollscoil Freiburg
Ollscoil Marburg - fealsúnacht Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Áit chónaitheHannover
Nua-Eabhrac
Marburg
Heidelberg
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht pholaitiúil agus fealsúnacht chomhaimseartha
Gairmfealsamh, múinteoir ollscoile, socheolaí, teoiricí polaitiúil, scríbhneoir aistí, scríbhneoir, eolaí polaitiúil, staraí, údar Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Princeton
Ollscoil Yale
Ollscoil Columbia
The New Yorker (en) Aistrigh
Ollscoil Chicago
Ollscoil Wesleyan
Ollscoil California, Berkeley
Ollscoil Northwestern
Coláiste Brooklyn Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtFeiniméaneolaíocht
Mac/iníon léinn de chuidMartin Heidegger agus Karl Jaspers
Faoi thionchar
TeangachaAn Ghearmáinis agus Béarla
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaElisabeth Young-Bruehl
Teaghlach
CéileGünther Anders (1929–1937)
Heinrich Blücher (1940–1970), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaHenriette Arendt (aintín) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm3061127 iTunes: 219840136 Musicbrainz: 476bec69-6ae3-4d4a-b3e5-2aa9516753ae Find a Grave: 2968 Cuir in eagar ar Wikidata

Teoiricí polaitíochta agus iriseoir Gearmánach, dá tugadh saoránacht Mheiriceánach, ab ea Hannah Arendt, nó Johanna Arendt mar a tugadh uirthi nuair a rugadh í. Do rugadh Arendt i Linden, baile atá ina chuid den gcathair Hannover anois, ar an 14ú lá de Dheireadh Fómhair sa mbliain 1906 agus do fuair sí bás i gcathair Nua-Eabhrach, ar an 4ú lá de Mhí na Nollag sa mbliain 1975.

Giúdach ab ea Arendt agus, dá bharr, níorbh fhéidir léi fanúint i nGearmáin na Naitsithe - go háirithe agus í ina gníomhaí polaitíochta. D'fhág Arendt a tír dhúchais sa mbliain 1933 agus do chaith sí blianta sa bhFrainc sular éirigh léi, lena fear céile agus lena máthair dul chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá. Toisc gur baineadh a saoránacht Ghearmánach di sa bhliain 1937, do bhí Arendt gan stát go dtí gur fuair sí saoránacht Mheiriceánach sa mbliain 1951. Ón mbliain sin amach, do thugadh sí Gearmánach-Meiriceánach uirthise.

Cé go raibh dlúthbhaint ag Arendt leis an bhfealsúnacht ar feadh a saoil - do dhein sí staidéar ar an bhfealsúnacht in Ollscoil Mharburg, in Ollscoil Fhreiburg agus in Ollscoil Heidelberg; níos déanaí, do scríobhadh sí ailt fén bhfealsúnacht pholaitíochta agus do bhí an fhealsúnacht á múineadh aici i gColáiste Bhrooklyn -, níor thugadh sí "fealsúnaí" uirthi féin agus ní raibh sí sásta "Fealsúnacht Pholaitíochta" a thabhairt ar shaothair dá cuid. Do bhí sé de nós aici a rá gur "Teoiric na Polaitíochta" a bhí ina saothair agus gur staraí a bhí inti féin.

Foilsíodh an saothar is cáiliúla de chuid Arendt, Bunús an Ollsmachtachais (Béarla: The Origins of Totalitarianism), sa mbliain 1951.[1] Is é an leabhar siúd an leabhar is tábhachtaí dá scríobh Arendt fén bpolaitíocht. Ó thaobh na fealsúnachta de, áfach, is é An Staid Dhaonna (Béarla: The Human Condition), leabhar a foilsíodh den gcéad uair sa mbliain 1958, an saothar is tábhachtaí dá cuid.[2]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ba i mBéarla a scríobh Arendt an leabhar so. Foilsíodh é i nGearmáinis sa mbliain 1955 agus Elemente und Ursprünge totaler Herrschaft an teideal a bhí air.
  2. Foilsíodh an t-eagrán Gearmánach de sa mbliain 1960, agus Vita activa oder Vom tätigen Leben an teideal a bhí air. Ba í Arendt féin a d'aistrigh.