Francesco Petrarca
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 20 Iúil 1304 Arezzo (Poblacht Fhlórans) |
Bás | 19 Iúil 1374 69 bliana d'aois Arquà Petrarca (Poblacht na Veinéis) |
Áit adhlactha | Arquà Petrarca ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Bhologna (1320–1323) Ollscoil Montpellier - dlí (1316–1320) ![]() |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fealsúnacht |
Gairm | fealsamh, sléibhteoir, dírbheathaisnéisí, focleolaí, scríbhneoir, aistritheoir, liriceoir, file, humanist (en) ![]() ![]() |
Seánra | Filíocht |
Mac/iníon léinn de chuid | Pietro Cerniti (en) ![]() ![]() ![]() ![]() |
Mac/iníon léinn | Giovanni Malpaghini |
Teangacha a labhraíonn nó a scríobhann sé/sí | An Iodáilis agus An Laidin |
Spórt | Sléibhteoireacht ![]() |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh ![]() |
Athair | Petracco agus Eietta Canigiani |
Dámhachtain a fuarthas
| |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Ba scríbhneoir, fhile agus dhaonnachaí de chuid na hIodáile é Francesco Petrarca, a rugadh in Arezzo ar an 20ú Iúil sa bhliain 1304, agus a d'éag in Arqua ar an 18ú nó ar an 19 Iúil 1374.
Go háirithe, scríobh Petrarch a lán filíochta in Iodáilis. Roimhe seo, ní raibh daoine ag scríobh in Iodáilis; b’éigean dóibh scríobh i Laidin. Scríobh sé a lán soinéad (dán le 14 líne).[1]
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Díbríodh athar Phetrarca agus a theaghlach, Franceso óg ina measc, as Flóiréans de bharr a thacaíocht don Phápa. Chuir an teaghlach fúthu in Avignon. Rinne Petrarca staidéar ar an dlí in Ollscoil Mhontpellier agus Ollscoil Bhologna.
D'éirigh sé as an dlí agus chuaigh sé isteach san Eaglais agus lean sé Naomh Aibhistín. Rinne sé dianstaidéar ar an tSibhialtacht Chlasaiceach agus bhí sé tugtha d'athchruthú an tSean-Domhain. De réir dealramh, is i Laidin den chuid is mó a chum sé a chuid saothar.
Deirtear gurbh eisean athar na filíochta san Iodáilis mar gheall ar na hiliomad dánta grá a chum sé in Iodáilis faoi bhean den ainm Laura. Deirtear gur chas sé uirthi ar Aoine an Chéasta, 6 Aibreán 1327. Bean pósta ab ea í agus thug Petrarca gean agus ómós di gan bualadh léi riamh ina dhiaidh sin.
Ghlaoitear "Canzoniere" ar an gcnuasach de 366 dánta, soinéid an chuid is mó díobh, agus ceaptar gur as an mbailiúchán seo a d'eascair filíocht liriciúil na Meánaoise.
Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rinneadh aithris ar Petrarca i gcuid mhaith de thíortha na hEorpa, go háirithe sa séú haois déag. Feicfear samplaí maithe Fraincise in Ó Doibhlin (1994).[2] Tugadh an soinéad isteach sa Bhéarla timpeall ar 1530, go mórmhór trí fhilíocht Sir Thomas Wyatt (c.1502–1542) agus Henry Howard, Iarla Surrey (1517–1547). Is é an rud is suntasaí faoi shoinéad an Bhéarla nár glacadh leis an chruth ríme a bhí ag Petrarca agus ag na Francaigh, ochtréad agus seisréad.[3]
In Éirínn[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí tionchar ag Petrach ar an litríocht in Éirínn. Mar shampla, déantar cur síos nósmhar i luathshaothar Uí Chonaire ar cholainn na mná ag tarraingt airde go sonrach ar a cuid gruaige, a súile, a béal agus a beola, a grua agus a muineál. Leanann an moladh seo ar bhaill airithe de cholainn na mban traidisiún an ‘blazon’ a theann siar chomh fada le Petrarch.[4]
D’fhorbair Petrarca, an té is mó a d’aclaigh traidisiún liteartha an tsóláis le linn an Renaissance, feidhm theiripeach na reitrice agus chothaigh nasc idir an líofacht agus an tsláinte intinne.[5][6] Bheadh sé seo ag teacht go beacht le traidisiún dúchais na Gaeilge mar a raibh feidhm dhúbailte ag an amhrán chun tocht a léiriú agus a shrianadh in éineacht.[7]
Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Canzoniere
- Secretum
- De Viris Illustribus
- Rerum Memorandarum Libri
- De Otio Religiosorum
- De Vita Solitaria
- De Remediis Utriusque Fortunae
- Itinerarium
- Carmen Bucolicum
- Africa
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ COGG. "Ó Chlochaois go Spásrás". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Léirmheastóir - Mícheál Ó Cróinín (2020-05-30). "Ón Fhraincis, Aistriúcháin, leathanaigh 36–44, 48–58" (ga). Aistriú Litríochta. Dáta rochtana: 2020-07-18.
- ↑ Clann Tuirc clanntuirc.co.uk. "Trí Rainn agus Amhrán: Réamhrá". www.clanntuirc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-07-18.
- ↑ Ní Chualáin, Aingeal (2013). "Siocracha Peaca Téamaí an Chaidrimh agus an Ghnéis i Saothar Phádhraic Óig Uí Chonaire agus Mháirtín Uí Chadhain". Dáta rochtana: 2019.
- ↑ Mícheál Mac Craith (2018-11-30). "The Pearl of the Kingdom: A study of a A fhir léghtha an leabhráin bhig by Giolla Brighde Ó hEódhasa" (as ga). COMHARTaighde (4). doi: . ISSN 2009-8626.
- ↑ Ailbhe Ó Corráin (2015). "Léirmheas: The light of the universe: poems of friendship and consolation by Giolla Brighde Ó hEódhasa. Studia Hibernica 41, lch 213-215". online.liverpooluniversitypress.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-11-10. Dáta rochtana: 2020-07-18.
- ↑ Breandán Ó Madagáin (1985). "Functions of Irish Song in the Nineteenth Century" lch 144–151.