Feirítí
Appearance
Rang ábhar ceirmeach ina bhfuil ocsaídí iarainn is oiread beag ábhar eile cosúil le copar, nicil nó mangainéis. Bíonn seoltacht bheag leictreach acu, bíonn siad fearómaighnéadach, agus úsáidtear iad mar ábhar croíleacáin i gcornaí ardmhinicíochta leictreacha, maighnéid i gcallairí agus cinn i dtaifeadáin gutha is físe. Is éard a bhí in adhmaint an tseansaoil ná feirít fheiriúil nó maighnéidít, Fe(Fe2O4).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Feirítí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 261.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |