Fearómaighnéadas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tréith a bhíonn ag ábhair ar leith (mar shampla, iarann, nicil, cóbalt, gaidiliniam, diaspróisiam, is cuid mhaith cóimhiotal) de bharr ailiniú mórscála na móimintí adamhacha maighnéadacha san ábhar. Nuair a chuirtear déine réimse mhaighnéadaigh H i bhfeidhm ar an ábhar le corna leictreach timpeall air, cuireann sé seo floscdhlús mór maighnéadach B i dtoirt an ábhair seo. Is féidir go bhfanfaidh réimse san ábhar nuair a bhaintear an réimse seachtrach chun siúil, agus bíonn buanmhaighnéad mar thoradh air sin. Bíonn leictreoin neamhdhísithe in an-chuid dúl, agus mar thoradh orthu sin bíonn móimintí maighnéadacha ag na hadaimh sin, agus paramaighnéadas ag toirt aon ábhair mar sin. Bíonn fearómaighnéadas cosúil le paramaighnéadas, ach le cuidiú breise de bharr an ailínithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fearómaighnéadas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 259.