Callaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Callaire bunúsach.

Is rud a dhéantar le callaire: fuaim a chruthú as comharthaí leictreonacha. Is mór i gceist callaire i ngléasanna raidió agus teilifíse, i dtaifeadáin agus i gcóracha aithrise (.i. corn ceoil).

Bíonn réimse maighnéadach ag baint le sreang iompartha srutha, agus nuair a chuirtear in aice le buanmhaighnéad í, feidhmíonn an fórsa mótair ar an tsreang sin. Is mar sin a oibríonn an gnáthchallaire luailchorna.

Bíonn an buanmhaighnéad mar a bheadh cupán ann agus sorcóir ina sheasamh ina lár. Bíonn réimse gathach maighnéadach sa bhearna aeir idir an N-phol sorcóireach agus an S-phol fáinneach comhlárnach. Bíonn eiteán píobáin sa bhearna aeir agus sreang bhíseach casta uirthi. Nuair a ritheann sruth leictreach tríd an tsreang chopair sin feidhmíonn fórsa ar an tsreang - é dírithe isteach ar an maighnéad nó amach uaidh. Is amhlaidh a bhíonn an t-eiteán greamaithe de scairt chónach chairtchláir, agus an fórsa thuas, déanann sé luasghéarú isteach nó amach ar an scairt iomlán. An sruth a sheoltar tríd an tsreang, más sruth malartach closmhinicíochta é, is i bpas leis an sruth sin a ghluaiseann an scairt. Dá dheasca sin cruthaíonn crith na scairte fuaim san aer os a comhair amach. Is í minicíocht an tsrutha a shocraíonn minicíocht na fuaime, agus aimplitiúid an tsrutha, aimplitiúid na fuaime.