Maighnéad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Foinse réimse mhaighnéadaigh. Dhá phol dhifriúla ann i gcónaí, ceann amháin a dtugtar an pol thuaidh air, T, agus an ceann eile an pol theas, D. Ní féidir pol amháin aonraithe a fháil. Éarann poil chosúla a chéile, agus aomann poil neamhchosúla. Déantar buanmhaighnéad as ábhar fearómaighnéadach a nochtadh do réimse maighnéadach ar feadh tréimhse, de ghnáth. Is leictreamaighnéad ábhar oiriúnach croíleacáin le corna sruthiompartha timpeall air.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Maighnéad". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 431.