Jump to content

Faolán mac Colmáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFaolán mac Colmáin
Beathaisnéis
Bás656 ↔ 666
Siocair bháisPlá
Ríthe na Laighean
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Dhúnlainge Cuir in eagar ar Wikidata
AthairColmán Már mac Coirpri
Duine muintearthaBran Mut mac Conaill (garmhac) Cuir in eagar ar Wikidata

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Faolán mac Colmáin (Sean-Ghaeilge Fáelán mac Colmáin) (bás 666). Colmán Mór mac Cairbre, iar-rí, ba ea a athair.[1] Ba é Faolán a chuir rath Uí Dhúnlainge ar a boinn.[2]

Teacht i gcoróin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear Faolán sin chéad uair sna hannála agus slew Crannmhaol Bolg Luatha Uí Chinnsealaigh clóite agus maraithe aige ag Cath Duma Aichir sa bhliain 628.[3][4] Tugtar i ndúil ansin an teideal rí Laigean dó.[2] Chloígh agus mharaigh sé ansin Criomhthann mac Aodha (bás 633), rí Laigean Uí Mháil, ag Cath Áth Goan i nIarthar Life, i gcomhaontas le Failbhe Flann mac Aodha Dhuibh (bás 637), rí na Mumhan agus Conall Guthbhinn mac Suibhne (bás 635) de Chlann Cholmáin.[5][6][7]

Tugtar sa Leabhar Laighneach réimeas 30 bliain dó, agus is amhlaidh dá bharr gur idirshliocht é a thásc sna hannála don bhliain 666. Is níos dóichí é go bhfuair sé bás roimh an mbliain 656, nuair a thugtar do Chrannmhaol Arbhoilg mac Rónáin ina thásc an teideal rí Laigean.[2]

Caidreamh eaglaise

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir nósanna Naomh Caoimhín Ghleann Dá Loch, cuireadh Faolán ar altramas le Caoimhín tar éis dá leasmháthair é a dhiúltú. Coinníodh an nós seo beo beathach a bhuí le pátrúnacht Uí Dhúnlainge.[8]

Abb agus easpag Aodh Dubh deartháir Fhaoláin, agus easpag Chill Dara fosta ba ea a nia, Aonghas mac Aodha Fhionn. Tábhachtach a bhí an nasc clainne seo le Cill Dara mar bhunús a cumhacht.[9]

Duine dá mhná céile ba ea Sárnad ní Eachach d'Fhotharta Feá, dream a raibh gaol acu le Naomh Bríd Chill Dara.[10]

Caidreamh le hUí Néill

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh gur tháinig Ui Dunlainge chun cinn le tacaíocht Chlann Cholmáin, a bhí ag iarraidh bagairt Uí Fhailí a um aird iomlán a thabhairt dá gcoimhlint le Síol Aodha Sláine. Duine de mhná céile Fhaoláin ba ea Uasal ní Shuibhne (bás 643), iníon Chonaill, a bhí in éineacht leis ag Áth Gó.[11]

Deirtear sa sága 'Bóramha' gur tháinig Seachnasach mac Blathmaic (bás 671) de Shíol Aodha Sláine le slua mór i Laigin isteach a chun an buanna a éileamh, ach gur chloígh Faolán é. Ní oireann ámh an eachtra seo chronologically le réimeas Faoláin ó thaobh croineolaíochta de.[12]

Bhí mac aige le darbh ainm Conall. Bhí seisean pósta le Conannail ní Chrannmhaoil Uí Dhúnlainge, agus bhí mac acu, Bran Mut (bás 693), rí Laigean.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 9
  2. 2.0 2.1 2.2 Byrne, lch. 151
  3. Annála Uladh, AU 628.1
  4. Annála Tiarnaigh, AT 630.1
  5. AU 633.2
  6. AT 636.2
  7. Annála Inis Faithlinn, AI 637.2
  8. Byrne, ll. 151-152
  9. Byrne, lch. 152
  10. Byrne, lch. 154
  11. Byrne, lch. 154
  12. Dan M.Wiley, Boroma, Curtha i gcartlann 2008-05-07 ar an Wayback Machine, Cycles of the Kings