Falscaithe san fhoraois bháistí na hAmasóine, 2019

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFalscaithe san fhoraois bháistí na hAmasóine, 2019
Íomhá
Map
 5°S 63°W / 5°S 63°W / -5; -63
Cineálfalscaí Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana2019 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhForaois bháistí na hAmasóine
Abhantrach na hAmasóine Cuir in eagar ar Wikidata, Amazonas, An Bhrasaíl Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Bhrasaíl, Peiriú, an Bholaiv agus Veiniséala Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla906,001 ha Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisdífhoraoisiú
slash-and-burn (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisPresidential Summit for the Amazon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna40 Cuir in eagar ar Wikidata


Aonocsaíd charbóin, Lúnasa 2019
Íomhá satailíte ag an am

I mí Lúnasa 2019 sa Bhrasaíl, tharla falscaithe fíochmhara san fhoraois bháistí na hAmasóine. Loisceadh limistéir chomh mór le contaetha na Gaillimhe agus an Chláir le chéile i bhforaois na hAmasóine.[1] Ba mhillteanach an tubaiste timpeallachta é, an tubaiste de dhéantús an duine is measa i stair na tíre (go dtí an lá sin).[2]

Jair Bolsonaro, 23 Lúnasa 2019
(A) foraois chaillte 2001–2019 (dearg), (B) tinte 2001–2019 (C) feirmeoireacht (buí), (D) hidreachumhacht (gorm), (E) ola agus miandóireacht (buí) (F) iascaireacht
Ollscrios

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí uachtarán fíorchoimeádach na Brasaíle, Jair Bolsonaro, ag brath go mór ar thacaíocht na bhfeirmeoirí móra (tháinig sé i gcumhacht ag tús 2019). Mhaígh Rialtas na Brasaíle ag an am go raibh sé cinnte orthu dul i ngleic leis na tinte de cheal acmhainní.[3] Chuir an rialtas milleán na dtinte ar eagraíochtaí deonacha timpeallachta (sic).

Ach bhí scrios ollmhór déanta ag na tinte ag deireadh mhí Lúnasa. Ba leor an dochar mar sin a rinneadh d’íomhá na Brasaíle.[1]

Níor ghníomhaigh údaráis na Brasaíle go dtí gur chuir an tAontas Eorpach (Angela Merkel agus Emmanuel Macron go háirithe) brú mór eacnamaíoch ar Bolsonaro. Dúirt Macron ag an am go raibh sé den tuairim gur inis Uachtarán na Brasaíle bréaga dó faoi ghealltanais aeráide.[4]

Baineadh siar go mór as rialtas Bolsonaro nuair a moladh go ndéanfaí baghcat ar fheoil ón mBrasaíl agus nach dtabharfadh a mbeannacht don chomhaontú nua trádála idir an tAontas Eorpach agus Mercosul mura gcloífeadh an Bhrasaíl lena gealltanais timpeallachta.[1]

Níos déanaí, léirigh ceannairí an domhain imní faoi na tinte i bhforaoisí na hAmasóine le linn chruinniú mullaigh thíortha an G7 a bhí ar bun i mBiarritz na Fnaince ag deireadh mhí Lúnasa.[3] I ndáiríre, thit an saol agus a mháthair sa mhullach ar an mBrasaíl ag an G7.[2]

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt an Leo Varadkar, Taoiseach ag an am. nach mbeadh Éire ag vótáil ar son margadh saorthrádála Mercosur, mura gcomhlíonfadh an Bhrasaíl a gcuid gealltanas ó thaobh cúrsaí comhshaoil de.[3] Tógfadh sé dhá bhliain, ar sé, sula gcaithfidh an tAontas Eorpach vóta ar mhargadh Mercosur agus go gcoinneofar súil ghéar ar ghnóthaí comhshaoil sa Bhrasaíl idir seo agus sin. Ach sa bhliain 2021, ní raibh an comhaontú saorthrádála fós i bhfeidhm.[5]

Dúirt an Taoiseach ina theannta sin gur áiféis a mheabhródh Orwell do dhuine a bhí in iarracht Bolsonaro milleán na dtinte a chur ar eagraíochtaí deonacha timpeallachta.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtreacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Alex Hijmans (26 Lúnasa 2019). "TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Arm na tíre ag dul i ngleic le tinte agus potaí agus pannaí á mbatráil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-03.
  2. 2.0 2.1 "Ná déanaimis sceilpín gabhair timpeallachta den Bhrasaíl: Ag tabhairt an mháimh ar láimh do Jair Bolsonaro a bheadh duine ar bith a d’ardódh ceist faoi fhlaitheas na Brasaíle ina cuid féin de cheantar na hAmasóine", a scríobhann Alex Hijmans sa Bhrasaíl.. Comhar 79 (9), Meán Fómhair 2019
  3. 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2019-08-23). "Imní ar an Taoiseach faoi thinte i bhforaoisí na hAmasóine" (as ga). 
  4. "Tacaíocht na Fraince ag seasamh na hÉireann i gcoinne Bolsonaro" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-03.
  5. "Mission Impossible? Challenges to the implementation of the EU-Mercosur Association Agreement" (en-US). Crossroads Europe (2021-07-07). Dáta rochtana: 2021-08-03.