Jump to content

Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Mercosur

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Mercosur
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
CineálEuropean Union Association Agreement (en) Aistrigh
margadh saorthrádála
proposed entity (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábhartaraif
saorthrádáil
external relations of Mercosur (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí

Sa bhliain 2026, tháinig an tAontas Eorpach agus lucht idirbheartaíochta ó ghrúpa tíortha i Meiriceá Theas - grúpa Mercosur mar a thugtar air - ar Chomhaontú saorthrádála, an 'Margadh saorthrádála Aontas Eorpach - Mercosur'.[1] Féachann an socrú trádála leis na dleachta a chuir an AE agus tíortha Mhercosur ar tháirgí a chéile a laghdú thar thréimhse an-fhada, 2026-2042.

Cairdeas
Lúnasa 2019ː Síníodh aontú eile le Limistéar Saorthrádála na hEorpa (LSE)

Bhí os cionn fiche bliain is cúig caite in idirbheartaíocht don chonradh. [1] [2]

Ar an 9 Eanáir 2026, glacadh leis an Margadh saorthrádála Aontas Eorpach - Mercosur. Thug an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa faomhadh sna 2020idí luath. [3] Beidh faomhadh Phairlimint na hEorpa ag teastáil aon uair amháin eile sular féidir é a chur i bhfeidhm.[4]

Bhí Éire, an Fhrainc, An Pholainn, An Ostáir, agus an Ungáir in aghaidh an tsocraithe agus níor chaith an Bheilg vóta. Vótáil gach ballstát eile, an Iodáil san áireamh ar a shon. Chun an Comhaontú a chur i bhfeidhm, bhí tacaíocht ó chúig bhallstát déag ar a laghad ag teastáil, ina gcuimsítear 65% de dhaonra an Aontais ar an gcuid is lú.[5]

Bainfidh tíortha Mhercosur dleachta ar 91% d'easpórtálacha an AE thar tréimhse 15 bhliana, 2026-2042. Bhí na dleachta sin ag 27%-35% go minic sa bhliain 2025 (mar sh. dleacht 27% ar fhíonta agus tá 35% ar bhiotáille.). Beidh tairbhe le baint ag cuid d'easpórtálaithe an Aontais Eorpaigh as an gcomhaontú - lucht déantúsaíochta carranna agus innealra eile, an earnáil ceimiceán agus an earnáil cógaisíochta ina measc.[6]

Beidh buntáiste do chomhlachtaí an AE anois mar go mbeidh cead acu sin tairiscintí a dhéanamh ar chonarthaí poiblí i Mercosur, rud atá á cheadú den chéad uair agus dá bhrí sin a thugann buntáiste don AE thar bhlocanna eile trádála.[7]

Glanfaidh an AE dleachta de réir a chéíle ar 92% d'easpórtálacha ó thíortha Mhercosur thar 10 mbliana. Beidh Mercosur in ann earraí - mianraí go háirithe - a dhíol isteach san Aontas Eorpach ar phraghas níos saoire. Deir an tAontas Eorpach go bhfuil na mianraí seo tábhachtach don Athrú Glas. Tugann an socrú rogha eile don Eoraip seachas trádáil leis an tSín amháin, go háirithe i gcás mhianraí sainiúla ar nós litiam.[7]

Beidh córas cuóta AE ann do mhuiceoil, eánlaith, siúicre, éatanól, rís, mil, grán buí agus arbhar milis. Cuireann an socrú san áireamh cosaint ar leith do na táirgí san AE a bhaineann go sonrach le ceantair ar leith, mar sin sanntar 'Parmigiano Reggiano' fós le cáiseanna ar leith as an Iodáil amháin.[7]

Ba iad feirmeoirí an AE ba ghlórmhaire a chuir in aghaidh an tsocraithe. Beidh cead ag tíortha Mheiriceá Theas suas le 99,000 tonna de mhairteoil a easpórtáil chun an Aontais Eorpaigh ar tharaif laghdaithe de 7.5%, chomh maith le 180,000 tonna d'éineoil (tá an t-uasmhéid atá ceadaithe, 99,000 tonna mairteola gach bliain an-teoranta ar fad... vs 7,200,000 tonna mairteola san Aontas Eorpach gach bliain).[1] Is ionann na hiompórtálacha breise agus 1.6% den mhairteoil a cheannaítear san AE, agus 1.4% i gcás na héanlaithe.

In aice leis an iomaíocht bhreise, táthar imníoch faoi chaighdeán na feola a sheolfar as Meiriceá Theas.[5] Ach deir an Coimisiún Eorpach nach mbeidh aon mhaolú ar chaighdeáin an AE. Tá geallúintí sa socrú a bhaineann leis an timpeallacht, ar a áirítear a thuilleadh dífhoraoisithe.[7]

I mí Lúnasa 2019, tharla Falscaithe san fhoraois bháistí na hAmasóine. Rinneadh cáineadh géar ar Rialtas na Brasaíle. Ach baineadh siar go mór as rialtas Bolsonaro sa Bhraislí nuair a moladh go ndéanfaí baghcat ar fheoil ón mBrasaíl.

Dúirt polaiteoirí áirithe ón Aontas nach dtabharfadh a mbeannacht don Chomhaontú trádála mura gcloífeadh an Bhrasaíl lena gealltanais timpeallachta.[8] Mar shampla, dúirt an Leo Varadkar, Taoiseach ag an am, nach mbeadh Éire ag vótáil ar son margadh saorthrádála Mercosur, mura gcomhlíonfadh an Bhrasaíl a gcuid gealltanas ó thaobh cúrsaí comhshaoil de.[9]

Bhí Éire, a d’onnmhairigh 450,000 tonna mairteola in 2021, de réir na Príomh-Oifige Staidrimh, i measc na mballstát is mó a bhí i gcoinne na moltaí reatha. Bhí an Fhrainc ag cur in aghaidh an chonartha chomh maith.

Bhí an-imní léirithe faoi 'Mercosur' ag agóid i mBÁC ar an 5 Samhain 2024. Feirmeoirí ó eagraíochtaí talmhaíochta éagsúla in Éirinn a bhí páirteach san agóid.[3] Cuirfidh an margadh as d’ioncam fheirmeoirí in Éirinn, a dúradh.[10] Mhaígh eagraíochtaí feirmeoireachta in Éirinn go gcuirfeadh an socrú trádála as go mór d'fheirmeoirí mairteola in Éirinn.[6][1]

Ach chuir an Taoiseach Mícheál Martin in iúl in 2026 go raibh an-dul chun cinn déanta le tamall maidir le tacaíocht bhreise a thabhairt d'fheirmeoirí san Aontas Eorpach dá gcuirfí Mercosur i bhfeidhm, go háirithe feirmeoirí san earnáil mairteola.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 4 ec.europa.eu (2024). ""Opening opportunities for EU farmers"". Dáta rochtana: 2024.
  2. "Mission Impossible? Challenges to the implementation of the EU-Mercosur Association Agreement" (en-US). Crossroads Europe (2021-07-07). Dáta rochtana: 2021-08-03.
  3. 1 2 Nuacht RTÉ (2024-11-05). "An-imní léirithe faoi 'Mercusor' ag agóid i mBÁC" (as ga-IE).
  4. Nuacht RTÉ (2026-01-09). "Sorcú trádála Mercosur faofa ag an Aontas Eorpach" (as ga-IE).
  5. 1 2 3 Nuacht RTÉ (2026-01-07). "Aire Talmhaíochta na hÉireann in aghaidh glacadh le Mercosur" (as ga-IE).
  6. 1 2 Nuacht RTÉ (2019-06-28). "AE agus Mercosur tagtha ar chomhaontú" (as ga).
  7. 1 2 3 4 Nuacht RTÉ (2026-01-09). "Mercosur: Céard atá ann, cé atá ar a shon agus ina aghaidh" (as ga-IE).
  8. Alex Hijmans (26 Lúnasa 2019). "TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Arm na tíre ag dul i ngleic le tinte agus potaí agus pannaí á mbatráil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-03.
  9. Nuacht RTÉ (2019-08-23). "Imní ar an Taoiseach faoi thinte i bhforaoisí na hAmasóine" (as ga).
  10. Máirín Ní Ghadhra (2019). "Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh Phil Hogan ag filleadh ar an Eoraip" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-04.