Fíonsneachta Fleách mac Dúnchadha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFíonsneachta Fleách mac Dúnchadha
Beathaisnéis
Breith7 haois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás695 (Féilire Ghréagóra)

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
675 – 695
← Ceann Faoladh mac BlathmaicLoingseach mac Aonghasa → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachSíol Aodha Sláine Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDúnchad (?)

Ard-Rí na hÉireann ba ea Fíonsneachta Fleách mac Dúnchadha (Sean-Ghaeilge Fínsnechta Fledach mac Dúnchada) (d’éag 695). Bhain Fínsnechta le Síl nÁedo Sláine, an cineál theas d’Uí Néill, agus ba Rí Mhagh Breá é freisin. Ba gharmhac le hÁed Sláine é.[1] Fuair a athair Dúnchad bás i 659.[2][3] Ciallaíonn a leasainm "Fledach", fleách,[4] flaithiúilfial.

Ard-Rí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh rí Bhreá agus Ard-Rí de sa bhliain 675, tar éis dó a réamhtheachtaí agus col ceathrar, Ceann Faoladh, a mharú i mbun chatha ag Aircheltra.[5] De réir i nAnnála Easpacha na hÉireann, bhronn Ceann Faoladh maoirseacht air, ach bhí sé míshásta léi. Spreagtha ag a chara, rí Fhir Rois, thug sé a dhúshlán Ceann Faoladh agus bhuaigh.[6]. Insítear fosta sna hannála úd conas a mheall Fíonsneachta tacaíocht as ucht a chuid flaithiúlachta, ina measc rí idir rí Fir Rois agus Naomh Adhamhnán.

Is amhlaidh gur chuir na Laigin ina aghaidh, agus throid siad Cath Loch Gabor sa bhliain 677.[7] Rinneadh ár ar gach taobh, ach bhain Fíonsneachta am lámh in uachtar amach. Sa bhliain 680, rinne Fíonsneachta rí Laighean, Fiannamail mac Máele Tuile, a dhúnmharú.[8]

Sa tuaisceart, scrios Fíonsneachta lárionad Cineál Eoghain Aileach, sa bhliain 676.[9] Throid sé in éadan Bhéic Bhairrche mhic Bhlathmaic (bás 718), ríthe na nUladh, sa bhliain 679 ag Cath Thailte.[10]

Le linn mhí Mheithimh 684, chuir Ecgfrith, the rí Northumbria, arm go hÉirinn, a scrios maigh Bhreá, croílár ríocht Fhíonsneachta.[11] Ní fios go cruinn an chúis a bhí leis an ionsaí. Tugadh ar ais na gialla gafa le linn an ionsaí, le cabhair ó Adhamhnán sa bhliain 687.[12]

Sa scéal Bóramha de chuid Scéalaíocht na Ríthe, it insítear gur Fíonsneachta undertook an expedition in éadan na Laigean nuair a diúltaigh siad an bhóramha a íoc. Chuir rí na Laigean Bran Mut mac Conaill (bás 693) Naomh Mo-Ling (bás 697), ab Fearna, chun idirbheartaíocht a dhéanamh le Fíonsneachta. D'imir Mo-Ling cleas air sa cháin a loghadh. De bharr sin, d'éirigh Naomh Adhamhnán fearg leis agus chuir sé mallacht air, ag rá nach mbeadh clú nó cáil ag a muintir. Rinne Fíonsneachta aithrí ina pheaca agus tugadh maithiúnas dó.[13]

Éirí sealadach as agus bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 688, thug Fíonsneachta suas a choróin agus d'éirigh sé ina mhanach, ach an bhliain dár gcionn, tháinig sé ar ais ina rí. D'fhéadfadh gur tháinig sé bharr chogadh cathartha idir Síol Aodha Sláine, nuair a chloígh Niall mac Cernaig Sotal (bás 701) d'Uí Chearnaigh as deisceart Bhreá Congalach mac Conaing Cuirre (bás 696) as tuaisceart Breá, ag Cath Imlech Pich sa bhliain 688. I dteannta sin, mharaigh Áed mac Dlúthaig (bás 701) de Shíol Dlúthaigh Diarmait Dian mac Airmetaig Cáech, rí Uisnigh de Chlann Cholmáin sa bhliain 689.[14]

Maraíodh Fíonsneachta agus a mhac Bresal ag a ghaoil Aodh mac Dlúthaigh agus Congalach mac Conaing Coirre ag Greallaigh Dollaith. De réir Annála Tiarnaigh, tharla seo i mbun catha, ach insítear i nAnnála Easpacha na hÉireann gur mharaigh Congalach é i bpobal.[15] Tháinig Congalach i gcomharbacht ar mar rí Bhreá, agus Loingseach mac Aonghasa de [[Cineál Chonaill|Uí Néill mar Ard-Rí.

Ní fheictear a mhuintir, Clann Fhíonsneachta, go suntasach tar éis a bháis. D'fhág Fíonsneachta ina dhiaidh mac darb ainm Ailill, a maraíodh sa bhliain 718.

Is amhlaidh gur tiomsaíodh an ríliosta is luaite, Buile Choinn, le linn réimeas Fhíonsneachta.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "The Annals of Ulster, volume 1".
  • Annals of Tigernach at CELT: Corpus of Electronic Texts at University College Cork
  • Fragmentary Annals of Ireland at CELT: Corpus of Electronic Texts at University College Cork
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, London, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Wiley, Dan, Cycles of the Kings, Bóroma

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T.M. Charles-Edwards, ‘‘ Early Christian Ireland ’’, Aguisín II
  2. Annála Uladh, AU 659.1
  3. Annála an Tíogair, AT 655.5, 658.1
  4. fleách1, cuideachtúil, ar teanglann.ie FGB
  5. I nUí Mhaine, de réir Annála na gCeithre Máistrí
  6. Annála Easpacha na hÉireann, FA 67
  7. Annála Uladh, AU 677.3
  8. Annála Tiarnaigh, AT 680.3
  9. AU 676.4
  10. AT 679.3
  11. Bede. Historia ecclesiastica gentis Anglorum.
  12. AU 685.2, 687.5
  13. Bóroma, "Cycles of the Kings le Dan Wiley". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 Bealtaine 2008. Dáta rochtana: 6 Meán Fómhair 2020.
  14. Annála Uladh, AU 688.3, 688.4, 689.2, 689.3
  15. AT 695.1; FA 124